Salm 19
19
Dia agus an Dúlra
  1  Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 
A
  2 Fógraíonn na spéartha glóir Dé
agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.
  3Insíonn na laethanta an scéal dá chéile
agus tugann na hoícheannta an t‑eolas dá chéile.
  4 Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
  5 cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír
agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.
Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian
  6 a thagann mar nuachar amach as a sheomra
ag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.
  7 Tá a thriall amach as teorainn na spéire
agus a iomchuairt thart chun na teorann eile,
agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.
B
  8 Tá dlí an Tiarna gan cháim:
athbheonn sé an t‑anam.
Is iontaofa í fianaise an Tiarna,
a thugann eagna don fhíréan.
  9 Is díreach iad forálacha an Tiarna:
cuirid áthas ar an gcroí;
is glan í aithne an Tiarna,
soilsíonn sí na súile.
  10 Is íon í eagla an Tiarna,
maireann sí go deo;
is fíor iad reachtanna an Tiarna,
táid uile go cóir.
  11 Is mó is so-mhianaithe iad ná ór,
ná mínór dá ghlaine;
agus is milse iad ná mil,
ná mil ar sileadh ón gcíor.
  12Múineann siad eolas do do ghiolla;
is cúis luaíochta a g comh-líonadh .
  13 Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint?
ná leag orm mo pheacaí folaigh.
  14Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar
sula bhfaighe sé mo bhua;
Ansin is ea a bheidh mé gan smál
agus saor ó thrompheaca.
  15Go raibh briathra uile mo bhéil
agus smaointe mo chroí
taitneamhach leat-sa, a Thiarna,
a charraig liom, is a shlánaitheoir.
      Iliyochaguliwa sasa
Salm 19: ABN2012
Kuonyesha
Shirikisha
Nakili

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Kuonyesha
Shirikisha
Nakili

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.