Dainéil (Gr) 5
5
Fleá Bhéilseazar
1Rinne Béilseazar rí fleá mhór dá mhaithe, míle díobh, agus dʼól sé fíon os comhair an mhíle seo. 2Nuair a bhlais sé an fíon, dʼordaigh Béilseazar na soithí óir agus airgid a dʼfhuadaigh a athair Nabúcadnazar ó Theampall Iarúsailéim a thabhairt i láthair chun go n‑ólfadh an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin, deoch astu. 3Ansin tugadh i láthair na soithí óir agus airgid a fuadaíodh ón Teampall, Teach Dé in Iarúsailéim, agus dʼól an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin deoch astu. 4Dʼól siad fíon agus mhol siad na déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche. 5Dhealraigh go tobann méara láimhe duine agus í ag scríobh ar phlástar bhalla an pháláis ríoga laistiar den choinnleoir; bhí an rí ag faire ar an láimh ag scríobh. 6Chlaochaigh a lí ar an rí; bhuair a smaointe é; tháinig ballchrith air agus chnag a ghlúine ar a chéile. 7Ghlaoigh an rí go hard go dtabharfaí draoithe, Caildéigh agus astralaithe isteach. Dúirt an rí le saoithe na Bablóine: “Cibé a léifidh an scríbhinn seo agus a léireoidh a ciall dom, cuirfear éide chorcra uime, slabhra óir ar a mhuineál, agus beidh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.” 8Bhailigh saoithe uile an rí isteach ach níor fhéad siad an scríbhinn a léamh ná a ciall a léiriú don rí. 9Bhí an-bhuairt ar an rí Béilseazar, agus dʼathraigh a lí; agus bhí a mhaithe i gcruachás.
10Toisc bhriathar an rí agus a mhaithe tháinig an bhanríon go halla na fleá. Dúirt an bhanríon: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! Ná buaireadh do smaointe thú, agus ná teipeadh do dhealramh. 11Tá aon duine amháin i do ríocht ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé. Le linn dʼathar fuarthas solas, tuiscint agus eagna ann ar aon dul le heagna na ndéithe. Rinne dʼathair, an rí Nabúcadnazar, ceann de ar na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh, agus ar na saoithe. 12Mar fuarthas sa Dainéil seo meon uaigneach agus eolas, tuiscint ar fhíseanna a mhiniú, ar thomhaiseanna a fhreagairt, agus ar fadhbanna a réiteach. Cuir gairm ar Dhainéil agus léireoidh sé an chiall duit.”
13Ansin tugadh Dainéil os comhair an rí, agus dúirt an rí le Dainéil: “An tusa Dainéil, de chine díbeartha Iúdá a thug mʼathair, an rí, leis ó Iúdá? 14Chuala á rá é go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat, agus go bhfuil solas agus tuiscint agus eagna thar barr ionat. 15Tugadh chugam saoithe agus draoithe chun an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, ach chuaigh díobh a ciall a aimsiú. 16Chuala mé á rá é go bhfuil ar do chumas mínithe a thabhairt agus fadhbanna a réiteach. Anois má fhéadann tú an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, cuirfear éide chorcra umat, slabhra óir ar do mhuineál, agus beidh tú ar an tríú rialtóir sa ríocht.”
17Dʼfhreagair Dainéil agus dúirt sé os comhair an rí: “Bíodh do bhronntanais agat duit féin agus tabhair do thuarastail do dhaoine eile! Ach ó mo thaobhsa de, léifidh mé an scríbhinn seo don rí agus nochtfaidh mé an chiall dó. 18A rí, thug Dia, an Té is Airde, flaitheas agus mórgacht, glóir agus ríogacht, do Nabúcadnazar dʼathair. 19De bhrí na mórgachta a bhronn sé air chreathnaigh an uile phobal agus chine agus theanga roimhe le heagla; mharaíodh sé mar ab áil leis; thugadh sé anacal anama mar ba mhian leis; dʼardaíodh sé an té ab áil leis, dʼíslíodh sé an té ba mhian leis. 20Ach nuair a bhorr a chroí agus gur chruaigh a spiorad le neart uabhair, tiomáineadh óna shuí ríoga é agus baineadh a ghlóir de. 21Díbríodh ó chomhluadar daoine é agus chuaigh a chroí i gcosúlacht le croí na mbeithíoch; lonnaigh sé leis na hasail fhiáine; dʼith sé féar dála an daimh; fliuchadh a chorp ó dhrúcht neimhe chun go raibh a fhios aige gurb é an té is Airde a rialaíonn ríocht na ndaoine, agus go gcuireann sé an té is mian leis ina feighil. 22Ach tusa, a Bhéilseazar, a mhac siúd, níor umhlaigh tú do chroí cé gurbh eol duit é seo go léir; 23ach dʼardaigh tú thú féin in aghaidh Tiarna neimhe; tugadh soithí a thí i do láthair agus dʼól tú féin agus do mhaithe, do mhná agus do leannáin, deoch fíona astu; agus mhol tú déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche, déithe gan radharc, gan éisteacht, gan eolas; ach an Dia a bhfuil dʼanáil faoina láimh, agus do shlite uile ina sheilbh, níor thug tú glóir dó. 24Óna láthair a seoladh an lámh seo a rianaigh an scríbhinn seo ina haonar. 25Is í seo an scríbhinn a scríobhadh: mené, mené, tecél, agus parsín. 26Seo ciall na bhfocal sin: mené: ríomhaigh Dia laethanta do ríochta agus tá sí tugtha chun críche aige, 27tecél: Meádh thú sa mheá agus fuarthas easpa ort, 28parsín: tá do ríocht deighilte agus tugtha do na Méidigh agus do na Peirsigh.”
29Ansin dʼordaigh Béilseazar Dainéil a éidiú i gcorcra, slabhra óir a chur ar a mhuineál, agus a fhógairt go raibh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht. 30An oíche úd díreach glan dúnmharaíodh Béilseazar, an rí Caildéach,
Выбрано:
Dainéil (Gr) 5: ABN
Выделить
Копировать
Сравнить
Поделиться
Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.