Dainéil (Gr) 4

4
1Bhí mise, Nabúcadnazar, go socair i mo theach agus faoi bhláth i mo phálás. 2Rinneadh taibhreamh dom a chuir scanradh orm: i mo luí dom ar mo leaba bhuair mo smaointe agus físeanna mo chinn mé. 3Uime sin thug mé ordú saoithe na Bablóine uile a thabhairt i mo láthair i dtreo go n‑inseoidís ciall an taibhrimh dom. 4Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus dʼinis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom. 5Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair–é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé–agus dʼinis mé an taibhreamh dó á rá: 6“A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom: 7Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba:
Féach: crann
i lár na talún;
ba mhór a airde.
8Dʼfhás an crann agus neartaigh;
ráinig a bharr chun neimhe,
agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne.
9Bʼálainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh.
Ba ann a fuair cách cothú,
Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire,
agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga,
agus cothaíodh an uile fheoil leis.
10Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba:
Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas.
11Dʼfhógair sé in ard a chinn:
‘Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de,
croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh;
teitheadh na hainmhithe óna scáth,
agus an éanlaith óna ghéaga.
12Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh,
agus slabhra iarainn agus práis á cheangal,
i bhféar mín an mhachaire.
Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe,
agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n‑ainmhithe fiáine.
13Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna;
tugtar croí ainmhí dó,
agus téadh seacht n‑aimsir thairis.
14Sin breith na bhfear faire
agus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh,
dʼfhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beo
go bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine;
agus go dtugann sé í don té is mian leis
agus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.’
15“Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.”
16Ansin bhí Dainéil–ar a dtugtaí Béiltiseazar–trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: “Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.” Dʼfhreagair Béiltiseazar: “Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde. 17An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne, 18arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth dʼainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga– 19sin é tusa, a rí, a dʼfhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar dʼardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne. 20Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: ‘Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n‑ainmhithe fiáine, go dté seacht n‑aimsir thairis’– 21seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:
22Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,
agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire,
agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh;
fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe,
agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,
chun go mbeidh a fhios agat
gur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,
agus go dtugann sé í don té is áil leis.
23“Agus an t‑ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní. 24Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus dʼurchóidí le déirc do bhochta dʼfhonn go rachadh fad ar do shíocháin.”
25Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar. 26I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin. 27Agus dúirt an rí: “Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?” 28Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis:
Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar!
Tá an flaitheas imithe uait!
29Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,
agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire.
Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh,
agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,
chun go mbeidh a fhios agat
gur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,
agus go dtugann sé í don té is áil leis.
30Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin.
31I gcríoch na laethanta úd, thóg mise, Nabúcadnazar, mo shúile chun neimhe; dʼfhill mo mheabhair orm agus bheannaigh mé an Té is Airde:
Mhol mé agus ghlóirigh mé é siúd a mhaireann go brách.
Flaitheas síoraí a fhlaitheas.
Tá a thiarnas ó ghlúin go glúin.
32Sa mheá le náid a chuirtear áitritheoirí uile na cruinne;
ar a thoil atá riaradh sluaite neimhe,
agus áitritheoirí na cruinne.
Ní fhéadann neach a lámh a chosc
ná a rá leis: “Cad atá agat á dhéanamh?
33Láithreach bonn dʼfhill mo mheabhair orm, agus, chun glóir mo ríogachta, dʼfhill orm mʼonóir agus mo dhealramh. Lorg mo chomhairleoirí agus mo mhaithe mé; daingníodh i mo ríocht mé agus mhéadaigh ar mo mhórgacht a thuilleadh fós.
34Anois, mise Nabúcadnazar
molaim, móraim agus glóirím Rí neimhe,
mar is fíréan iad a oibreacha go léir,
agus is cóir iad a shlite uile,
agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú.

Выбрано:

Dainéil (Gr) 4: ABN

Выделить

Копировать

Сравнить

Поделиться

None

Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь