1
Lúcás 10:19
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
Сравнить
Изучить Lúcás 10:19
2
Lúcás 10:41-42
Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
Изучить Lúcás 10:41-42
3
Lúcás 10:27
Dʼfhreagair sé agus dúirt: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó dʼaigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’ ”
Изучить Lúcás 10:27
4
Lúcás 10:2
Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.
Изучить Lúcás 10:2
5
Lúcás 10:36-37
Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?” Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”
Изучить Lúcás 10:36-37
6
Lúcás 10:3
Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon.
Изучить Lúcás 10:3