Iób 17

17
1Tá mo spiorad le scrios,
Tá mo laethanta caite,
An uaigh atá i ndán dom.
2Tá lucht fonóide i mo thimpeall,
Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.
3Ceap, más ea, urra orm i do láthair;
Cé rachaidh i mbannaí orm?
4Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí,
Uime sin ní ligfidh tú an bua leo.
5Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde,
Agus súile a chlainne gan preab iontu,
6Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha;
Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.
7Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim,
Agus is geall le scáil mo ghéaga.
8Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice,
Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.
9Cloíonn an fíréan lena bhealaí,
Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.
10Ach, tagaigí arís, sibh go léir, agus tugaigí fúm!
Agus ní bheidh saoi le fáil agam in bhur measc!
11Tá mo ré thart!
Tá mo phleannanna sáraithe,
Agus mianta uile mo chroí!
12Dá fhad í an oíche, a deir siad, tagann an lá;
Tá an solas láimh linn chun an dorchadas a ruaigeadh.
13Níl súil agam ach le Seól mar bhaile,
Agus bualadh fúm sa dorchadas.
14Tugaim athair ar an morgadh,
Agus máthair agus deirfiúr ar an gcruimh.
15Cá bhfuil mo dhóchas, más ea,
Agus cé dʼfhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair?
16An dtiocfaidh siad seo síos liom go Seól?
Nó an sínfear iad síos in éineacht liom sa pholl?

Nu geselecteerd:

Iób 17: ABN

Markering

Kopiëren

Vergelijk

Delen

None

Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in