Iób 16

16
Cóir agus Éagóir
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt:
2Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana!
Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
3An mbeidh deireadh le bladhgar briathar?
Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé?
4Dʼfhéadfainnse freisin labhairt mar thusa,
Dá mbeadh dʼanamsa in áit mʼanamasa.
An ndéanfainn thú a chiapadh le focail?
Nó mo cheann a chroitheadh ort?
5Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil
Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.
6Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos;
Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.
7Anois ghoin mo chara cumainn mé
Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.
8Dʼéirigh sé mar fhinné i mo choinne,
Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i mʼaghaidh.
9Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa;
Tá a fhiacla á ndrannadh aige i mʼaghaidh
Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
10Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne
Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach;
Tá rith an rása leo i mʼaghaidh.
11Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach,
Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
12Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé.
Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom.
Rinne sé a sprioc díom.
13Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom.
Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise;
Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
14Briseann sé mé mant ar mhant,
Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.
15Dʼfhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann
Agus sádh mo cheann sa lathach.
16Tá mo cheannaithe craorag le neart goil,
Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
17Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom,
Agus gur íon í mo phaidir.
18Ná clúdaigh mʼfhuil, a chré,
Agus ná bíodh áit suaimhnis ag mʼolagón.
19Anois féin, féach, tá mʼfhinné ar neamh,
Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.
20Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam;
Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.
21Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé
Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.
22Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh,
Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.

Nu geselecteerd:

Iób 16: ABN

Markering

Kopiëren

Vergelijk

Delen

None

Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in