Iób 18
18
Ní Cabhair Fearg
1Ansin dʼfhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga?
An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?
3Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn,
Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda]
4A stollann é féin le barr feirge?
An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon
Agus an charraig a chur as a leaba?
5Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,
Agus lasair a thine a dhul in éag.
6Lagófar an solas ina bhoth
Agus múchfar an lampa os a chionn.
7Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,
Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.
8Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,
Agus siúlann sé i measc na sás.
9Béarfaidh gaiste ar sháil air
Agus greamóidh sé sa dol.
10Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,
Agus gaiste roimhe ar an gcosán.
11Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,
Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
12Beidh an gorta aige mar [pháirtí]
Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.
13Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,
Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.
14Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.
Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.
15Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon,
Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.
16Seargfaidh a fhréamha laistíos,
Agus feofaidh a chraobha lastuas.
17Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal,
Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.
18Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas,
Agus ruaigfear as an saol é.
19Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine,
Ná comharba air ina áit chónaithe.
20Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar,
Agus scéin ar an domhan thoir.
21Bʼáit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa,
Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.
Nu geselecteerd:
Iób 18: ABN
Markering
Kopiëren
Vergelijk
Delen
Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.