YouVersion Logo
Search Icon

Amós 1

1
Réamhrá
1Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún. 2Agus dúirt sé:
Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón,
ag labhairt os ard ó Iarúsailéim.
Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite,
agus mullach Chairmeil ag feo.
Breithiúnas ar Iosrael agus a Chomharsana
An Damaisc agus na Feorainn
3Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca na Damaisce,
in éiric a ceithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,
4teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil,
a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;
5brisfidh mé barraí gheata na Damaisce
agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin
agus rialtóir Bhéit Eidin;
agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír,
a deir an Tiarna.
6Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca Ghazá,
In éiric a cheithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar an bpionós.
De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán
mar bhránna go hEadóm,
7teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá
a dhófaidh a páláis;
8díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod
agus rialtóir Aiscileon;
agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón
agus bascfar an Filistíneach deireanach,
a deir an Tiarna Dia.
9Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca na Tuíre,
in éiric a ceithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán
mar bhránna go hEadóm
agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,
10teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuíre
a dhófaidh go talamh a páláis.
11Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca Eadóm,
in éiric a cheithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh
agus gur rad uaidh gach uile thrua,
go mbíodh sé i gcónaí confach
agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,
12teilgfidh mé tine síos ar Théamán
a dhófaidh go talamh páláis Bhozrá.
13Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca chlann Amón,
in éiric a gceithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád
a bhí ag iompar clainne
ionas go leathnóidís a gcríocha féin,
14lasfaidh mé tine i mballa Rabá
agus dófaidh sí a páláis
le gáir lá an chatha,
le stoirm lá na doininne;
15agus rachaidh a rí ar deoraíocht,
é féin agus a phrionsaí leis,
a deir an Tiarna.

Currently Selected:

Amós 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy