Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún. Agus dúirt sé:
Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón,
ag labhairt os ard ó Iarúsailéim.
Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite,
agus mullach Chairmeil ag feo.