YouVersion Logo
Search Icon

Tóibít 3

3
1Thit dubhnéal doilbhir cumha ar mo chroí ansin; lig mé osna asam agus rinne mé gol agus thosaigh mé ag guí agus ag caoi mar seo:
2“Is cóir thú a Thiarna,
agus is cóir iad do chuid oibreacha go léir;
is trócaireach agus is dílis thú de shíor,
agus is tusa breitheamh an domhain mhóir.
3Cuimhnigh orm anois, a Thiarna, agus féach orm.
Ná smachtaigh mé mar gheall ar mo pheacaí
ná in éiríc mo chionta aineolais féin
ná cionta aineolais mo shinsir.
Óir pheacaíomar i d'aghaidh
4agus bhriseamar d'aitheanta;
ach thug tú suas sinn
don chreachadh, don bhraighdeanas agus don bhás,
don mhagadh, don scige agus don mhasla
i bhfianaise na náisiún go léir ar scaip tú sinn ina measc.
5Ach is cóir iad do bhreithiúnais iomadúla,
nuair a chaitheann tú liom de réir mo pheacaí
(agus de réir peacaí mo shinsear),
mar níor choimeádamar d'aitheanta
ná níor chaitheamar ár saol go fíorchráifeach i do láthair.
6Déan liom anois, mar sin, mar is toil leat;
ordaigh an t‑anam a imeacht asam
ionas go mbeidh mé réidh leis an saol seo
agus go ndéanfar cré díom arís;
óir is fearr dom an bás ná an bheatha,
mar bhí orm éisteacht le hachasáin nach raibh tuillte agam
agus tá mé lán de bhrón dá bharr.
A Thiarna, ordaigh m'fhuascailt ón ainnise seo;
lig dom imeacht go dtí m'áit chónaithe shíoraí;
ná hiompaigh d'aghaidh uaim, a Thiarna.
Is fearr dom bás a fháil
ná bheith ag fulaingt an oiread sin anró
ar feadh mo shaoil
agus ag éisteacht leis na hachasáin seo.”
Sárá agus a Trioblóidí
7An lá céanna sin tharla gurbh éigean do Shárá, iníon Raguéil, fear a raibh cónaí air in Eacbatana na Méide, éisteacht le hachasáin ó dhuine de chailíní aimsire a hathar. 8Is amhlaidh a tugadh Sárá mar bhean chéile do sheachtar fear ach mharaigh an drochdheamhan, Asmódaes, iad ina gceann agus ina gceann sula raibh aon chaidreamh acu léi faoi mar atá sé leagtha amach do mhná pósta. Is é a dúirt an cailín aimsire ná: “Is tusa a mharaíonn do chuid fear. Féach! tugadh mar bhean chéile thú do sheachtar fear cheana féin ach níor tugadh ainm aon duine amháin díobh ort riamh. 9Cén fáth a lascann tú sinne toisc go bhfuair do chuid fear bás? Imigh leat mar aon leo! Ná feicimisne mac ná iníon leat choíche!”
10An lá sin tháinig gruaim ar a croí; rinne sí gol agus chuaigh sí in airde staighre go dtí seomra uachtair i dteach a hathar agus é ar intinn aici í féin a chrochadh. Ach rinne sí athmhachnamh agus dúirt: “B'fhéidir go dtabharfaí achasán do m'athair agus go ndéarfaí leis: ‘Ní raibh ach aon iníon ionúin amháin agat ach chroch sí í féin de dheasca a cuid trioblóidí.’ Sa tslí sin tharraingeoinn m'athair síos san uaigh ina sheanaois le teann dobróin. B'fhearr dom gan mé féin a chrochadh ach a iarraidh ar an Tiarna ligean dom bás a fháil ionas nach mbeadh orm mo shaol a chaitheamh ag éisteacht le hachasáin.”
11Ag an am sin díreach leath sí a dhá láimh amach i dtreo na fuinneoige agus ghuigh sí mar seo:
“Is beannaithe thú, a Dhia na trocaire!
Moladh go deo le d'ainm!
Go mola d'oibreacha go léir thú go brách!
12Ardaím m'aghaidh chugat anois;
iompaím mo shúile i do threo.
13Ordaigh mé a scaoileadh ón saol seo
agus gan mé a bheith ag éisteacht a thuilleadh le hasacháin.
14Is eol duit, a mháistir, go bhfuil mé geanmnaí,
mar nach raibh cuid agam d'aon fhear riamh.
15Níor shalaigh mé m'ainm féin
ná ainm m'athar ach oiread i dtír mo dheoraíochta.
Is mise aon iníon amháin m'athar
agus níl aon oidhre eile air ach mé.
Níl aon ghaol fola ná fear muinteartha aige
a gcoinneoinnse mé féin beo
chun bheith i mo bhean chéile aige ar ball;
cheana féin cailleadh seachtar fear céile orm;
cad chuige, mar sin, a gcaithfidh mé fanacht beo?
Mura mian leat, a Thiarna, mé bás a fháil,
déan trócaire orm agus ná cloisim asachán á chaitheamh liom feasta.”
16Ag an am sin díreach éisteadh le guí na beirte i láthair Dia na glóire. 17Is amhlaidh a chuir sé Rafael uaidh chun an bheirt a leigheas: chun na spotaí bana a bhaint de shúile Thóibít ionas go bhfeicfeadh sé solas Dé lena shúile cinn agus chun Sárá, iníon Raguéil, a thabhairt do Thóibias, mac Thóibít, mar bhean chéile agus chun an drochdheamhan, Asmódaes, a dhíbirt aisti; mar bhí sé de cheart ag Tóibias í a fháil thar aon duine eile dóibh siúd a bhí ag tnúth lena pósadh.
18 An nóiméad céanna ar chas Tóibít isteach ina theach féin ón gclós, tháinig Sárá, iníon Raguéil, anuas ón seomra uachtair.

Currently Selected:

Tóibít 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy