YouVersion Logo
Search Icon

Tóibít 2

2
Tóibít Dall
1Ar an ábhar sin, nuair a tháinig Asaradon i réim, d'fhill mé abhaile agus tugadh mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias ar ais dom. Ar fhéile na Cincíse seo againne, is é sin, ar fhéile na Seachtainí, bhí dinnéar maith ann dom agus lig mé fúm chun é a ithe. 2Cóiríodh an bord dom agus cuireadh a lán mias os mo chomhair. Ansin dúirt mé le mo mhac Tóibias: “Imigh leat, a mhic, agus má fhaigheann tú duine bocht éigin dár mbráithre atá ina gcimí cogaidh anseo i Nínivé atá dílis do Dhia óna chroí go hiomlán, beir leat é agus íosfaidh sé an béile seo i mo chuideachta. Fanfaidh mé leat, a mhic, nó go dtiocfaidh tú ar ais.” 3D'imigh Tóibias amach, mar sin, ar lorg duine bhoicht éigin dár mbráithre. Ach tháinig sé ar ais arís agus dúirt: “A athair!” “Céard atá ort, a mhic?” arsa mise leis. Dúirt sé liom ansin do mo fhreagairt: “Féach, a athair! Dúnmharaíodh duine dár muintir agus tá a chorp ina luí amuigh ar fhaiche an mhargaidh mar ar tachtadh é tamall beag ó shin.” 4Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine. 5Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón. 6Chuimhnigh mé ar na focail a dúirt an fáidh Amós i dtaobh Bhéitéil:
“Athrófar bhur bhféilte ina n‑ócáidí bróin,
agus déanfar caointe de bhur n‑amhráin go léir.”
7Agus rinne mé gol. Ansin tar éis dul faoi na gréine d'imigh mé amach agus rinne mé uaigh agus chuir mé ann é. 8Thosaigh mo chomharsana ag gáire fúm, á rá: “Nach bhfuil eagla air níos mó? Bhíothas ar a thóir cheana féin chun é a mharú mar gheall ar an ngníomh seo agus b'éigean dó teitheadh agus seo anois é arís agus é ag adhlacadh na marbh!”
9An oíche chéanna sin thug mé folcadh dom féin agus chuaigh mé isteach i mo chlós agus chuaigh mé a chodladh in aice le balla an chlóis. Ó bhí sé te d'fhág mé m'aghaidh gan chlúid. 10Ní raibh a fhios agam go raibh gealbháin bhinne sa bhalla os mo chionn; thit a mbualtrach te isteach i mo shúile agus tháinig spotaí bána orthu. Chuaigh mé go dtí na dochtúirí chun leigheas a fháil. Ach dá mhéad ungaidh dár chuir siad orm is ea is daille a d'éirigh mo shúile de dheasca na spotaí, nó go raibh mé dall ar fad ar deireadh thiar. Ní raibh radharc na súl agam ar feadh ceithre bliana; bhí mo ghaolta uile buartha mar gheall orm; ach thug Aichícheár aire dom ar feadh dhá bhliain nó gur imigh sé go dtí Eilíomais.
11Lena linn sin thug mo bhean chéile Anna faoi obair mhná a dhéanamh ar thuarastal. [Shníomhadh sí olann agus d'fhíodh sí éadach;] 12nuair a thugadh sí a mbíodh déanta aici dá fostóirí d'íocaidís a luach léi. An seachtú lá de Mhárta, áfach, bhí píosa éadaigh fite aici agus thug sí dá fostóirí é mar ba ghnách léi. D'íoc siadsan an luach iomlán léi ach lena chois sin thug siad meannán gabhair di le haghaidh béile. 13Nuair a tháinig an meannán isteach sa teach thosaigh sé ag meigeallach. Ghlaoigh mé ar Anna ansin agus dúirt mé léi: “Cad as a tháinig an meannán sin? B'fhéidir gur goideadh é! Tabhair ar ais é do na daoine ar leo é. Ní ceart dúinn rud a goideadh a ithe.” 14Ach dúirt sise liom: “Is amhlaidh a tugadh mar bhronntanas dom é de bhreis ar mo thuarastal.” Níor chreid mé í agus dúirt mé léi arís é a thabhairt ar ais do na daoine ar leo é agus las mé le náire ina láthair dá dheasca. Dúirt sí liom ansin: “Cá bhfuil do chuid déirce anois? Cá bhfuil do dhea-ghníomhartha? Féach, is eol do chách anois cén saghas thú!”

Currently Selected:

Tóibít 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy