YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 31

31
Briathra Lamúéil
1Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó.
2Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne?
Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?
3Ná caith do neart go léir le mná,
ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
4Ní dual do ríthe, a Lamúéil,
ní dual do ríthe fíon a ól,
ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.
5Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh,
agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.
6Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis,
agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;
7Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,
agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.
8Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,
agus ar son chearta cách atá treigthe.
9Labhair féin! tabhair breith chóir!
cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.
An Bhean gan Cháim
(Dán Aibítreach san Eabhrais)
10Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?
Is luachmhaire í ná péarlaí.
11Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,
agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
12Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó
ar feadh a saoil.
13Lorgann sí olann agus líon,
agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.
14Is geall le hárthach ceannaí í
agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin.
15Déanann sí mochóirí roimh lá
agus tugann bia dá teaghlach,
agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí.
16Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach;
cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha.
17Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim,
agus taispeánann fuinneamh a géag.
18Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar
agus ní mhúchtar a lampa san oíche.
19Coinníonn sí an coigeal ina láimh
agus beireann a méireanna ar an bhfearsad.
20Caitheann sí go fial leis an duine dearóil,
agus tugann sí déirc don duine bocht.
21Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach,
mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.
22Déanann sí a cuilteanna féin,
agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.
23Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach,
nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.
24Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol,
agus tugann sí criosanna don cheannaí.
25Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi,
agus ní cás di gáire faoin lá amárach.
26Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim;
agus tá teagasc caoin ar a beola.
27Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach,
ní chaitheann sí bia an díomhaointis.
28Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di;
canann a fear céile moladh di:
29“Rinne mórán ban éachtaí atá le moladh
ach sáraíonn tusa iad go léir.”
30Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht;
is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
31Tugaigí di toradh a saothair,
agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach.

Currently Selected:

Seanfhocal 31: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy