YouVersion Logo
Search Icon

Cóheilit CÓHEILIT

CÓHEILIT
Brollach
Cóheilit (Qoheleth) an teideal atá ar an leabhar seo san Eabhrais. Focal neamhghnách é agus tá sé díoraithe ó fhréamh a bhfuil baint aige ó thaobh céille le tionól pobail (ciallaíonn an t‑ainm Eabhraise Qahal, dála na Gréigise ekklésia comhthionól). Thug an Seachtód, an leagan Gréigise úd den Bhíobla, Ekklésiastés ar an leabhar; agus tugtar sa Bhéarla The Preacher, an Searmónaí, go minic mar ainm air. Ní fios an ainm dílis nó ainm ar oifig ar leith atá i gceist le Cóheilit.
Tar éis roinnt mhaith díospóireachta agus aighnis glacadh le Cóheilit i gcanóin na scrioptúr, sa roinn ar a dtugtar na Scríbhinní. Is ceann é de na cúig Scrolla agus socraíodh go léifí é le linn fhéile na dTaibearnacal i sionagóg na nGiúdach.
Dáta agus Údar
Cuirtear an leabhar i leith Sholaimh mar údar sa cheannscríbhinn: “Briathra Chóheilit, mac Dháiví, atá ina rí in Iarúsailéim”. Ach is léir ar an stíl agus ar an teanga go mbaineann sé leis an tríú céad R.Ch. Dála Leabhar na Seanfhocal agus Leabhar na hEagna, cuireadh an litríocht dhéanach ghaoise freisin i leith Sholaimh mar gur lena linn (sa deichiú haois R.Ch.) a thosaigh na saoithe ar a bheith páirteach i saol na cúirte in Iosrael.
Struchtúr
Níl aon struchtúr soiléir ná aon ord loighiciúil sa leabhar seo. Tá, áfach, idir athrá agus thrasnaíl ann. Is é is dóichí a bhí mar bhunábhar dó ná ráitis agus seanfhocail a bailíodh le chéile ina dhiaidh sin agus a cnuasaíodh de réir ábhair nó focal ceangail. Tá na nathanna, abair, in 1:12 – 2:16 ag plé go háirithe le Baois agus Gaois, iad siúd in 5:9 – 6:9 ag plé le héadairbhe an tsaibhris, agus, creid é nó ná creid! iad siúd in 9:13 – 10:11 ag plé le héadairbhe na heagna féin.
Níl ann ach leabhar gairid, dhá chaibidil déag, agus dealraíonn sé gur saothar an aon údair é go léir seachas an dúnadh 12:9-14, agus cúpla breis bheag dhéanach. Ní miste Cóheilit a thabhairt ar an údar.
Smaointe
Leabhar gaoise é Cóheilit. Tá an méid seo de ghaol aige le Iób go mbréagnaíonn siad araon na tuairimí lena nglactaí de ghnáth. Ach tá sé difireach le Iób sa mhéid go bhfuil sé gan struchtúr. Deirtear ina thaobh uaireanta nach dearbhú creidimh i nDia é, ach míúin fhealsaimh Ghiúdaigh. Tá meon an-éadóchasach le brath ann; sé tá sa chruinne ná ciorcal cúrsaí atá ag síorchasadh gan stad; ní dhealraíonn sé go bhfuil cuspóir ná aidhm le saol an duine ar talamh, ná go bhfuil saol eile le Dia ann tar éis bháis, ná aiséirí; an bás críoch gach ní; níl ord ná eagar morálta ann; níl le déanamh ag an duine cóir ach cur suas lena ainnise agus ligean don éagóir bheith faoi bhláth. I ndréachtaí áirithe moltar don léitheoir sásamh a bhaint as an saol fad is féidir dó; ach in áiteanna eile tá gnáth-theagasc na litríochta gaoise, gurb é Dia an breitheamh cóir ar shaol iomlán an duine agus go gcúitíonn sé an mhaith agus an t‑olc mar is dual.
Mar réiteach ar a bhfuil de thrasnaíl agus de bhréagnú i gCóheilit féin, measann scoláirí áirithe gurb amhlaidh a chuir eagarthóirí iomadúla breiseanna leis ag ceartú tuairimí an údair a bhí míchreidmheach go leor. D'fhágfadh sin gurb é Cóheilit údar bhunús an leabhair ach b'fhéidir gur chuir Giúdach deabhóideach véarsaí breise lena shaothar ag ceartú tuairimí amhrastúla áirithe le Cóheilit. Ach arís b'fhéidir nach bhfuil dearcadh den sórt sin de réir chastacht an tsaoil. D'fhéadfadh an t‑aon duine amháin leis, smaointeoir gan mheang, tuairimí difiriúla a nochtadh faoi rúndiamhair na beatha daonna. Is féidir a thuiscint inniu féin conas a d'fhéadfadh taom amhrais nó éadóchais diagaire fónta a bhualadh; má bhíonn sé lánionraic ina mhachnamh, nó ina scríbhinní, b'fhéidir go mbeadh sé de mhisneach aige an méid sin a chur in iúl fág gur faoi scáth ainm chleite féin é, mar a rinne Cóheilit is dócha. Is minic Cóheilit ag argóint in aghaidh chreideamh dúchais na nGiúdach, ach ní chiallaíonn sin go bhfuil droim láimhe tugtha aige leis an gcreideamh sin; uaireanta filleann sé go hiomlán air. Tá sé de dhealramh air dá bhrí sin go bhfuil sé ag cur i gcoinne eilimintí sa traidisiún Giúdach, ón taobh istigh, agus nach mar namhaid seachtrach atá sé ag áiteamh.
Baineann an teanga sa leabhar le hEabhrais an-déanach an Bhíobla, agus tá sí gaolmhar le hEabhrais an Mishna. Tá rian láidir den Aramais agus den Ghréigis uirthi. Ó thaobh ábhair de tá tionchar litríocht ghaoise na hÉigipte le brath thall is abhus ar an leabhar.
Chuireadh fáithe Iosrael béim ar chreideamh, aithrí, géilleadh do Dhia, agus toghadh an phobail; ní amhlaidh le Cóheilit. Leanann seisean gnás ársa saoithe an Oirthir, agus cuireann sé os comhair a léitheoirí a thuairimí ar an saol, agus an chomhairle a mheas sé de thoradh a mhachnaimh, a bheadh ina cabhair don aos óg le gaistí a sheachaint ar chosán an tsaoil. Tá blas an amhrais agus an díchreidimh go tréan ar a shaothar go léir áfach; cuirtear é sin in iúl go feillbhinn san aon fhocal amháin – Baois.
“Buaic na baoise, a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois. Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?” (1:2-3).
Tarlaíonn an focal Eabhraise hebhel, dhá uair ar fhichid sa leabhar; ciallaíonn sé anáil nó gal a shéidtear amach agus a théann ar ceal: mar sin le gach ní, tá siad mar ghal soip. Úsáidtear an focal céanna aon uair amháin mar ainm dílis sa Bhíobla – Áibil, nach bhfuair fad saoil trí fheall a dhearthár, Cáin.
Is dócha gurb é an dréacht is ainmniúla sa leabhar ná an dán 3:1-8 a thosaíonn:
“Tá a ionú féin (‘eth) ag gach uile ní agus tá a thráth (sh'ah) ann don uile ghnó faoin spéir:
Tráth breithe, trath báis.”
Tá an chiall “am socair ceaptha” le “hionú” (‘eth). Cuireann an focal seo i dtús liosta na dtráthanna do bheatha agus do bhás an duine in iúl go bhfuil gach ní cinnte, ceaptha roimh ré don duine. Agus cé rinne an ceapadh agus an cinneadh? Cuireann na véarsaí le teacht 3:9-15 in iúl go bhfuil lámh Dé ar chúl gach cor dár saol.

Currently Selected:

Cóheilit CÓHEILIT: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy