YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 25

25
Léigear Iarúsailéim
1Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall. 2Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t‑aonú bliain déag de réimeas Zidicíá rí. 3Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal, 4rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d'éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá. 5Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas leis ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é. 6Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air. 7Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.
8Sa chúigiú mí, ar an seachtú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim. 9Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine. 10Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim. 11Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte. 12D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.
13Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha leo go dtí an Bhablóin. 14Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na smóladáin, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'úsaidtí i seirbhís an Teampaill, 15na túisteáin agus na babhlaí. Thug captaen an gharda leis a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead. 16Maidir leis an dá cholún, an t‑aon mhuir agus na seastáin, a rinne Solamh do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontusan go léir a thomhas. 17Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán.
18Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí. 19Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, cúigear de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm, a bhí i bhfeighil arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair. 20Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá. 21Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.
22Agus maidir leis an muintir a d'fhan i dtír Iúdá, a d'fhág Nabúcadnazar rí na Bablóine ina dhiaidh, cheap sé Gadailiá mac Aichíceám mac Sheáfán mar rialtóir orthu. 23Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá - .i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh. 24Thug Gadailiá mionn dóibhsean agus dá gcuid fear á rá: “Ná bíodh eagla oraibh roimh na Caildéigh; cuirigí fúibh sa tír, agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine; agus rithfidh libh go seoidh.” 25Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá. 26Ansin chuir an dream go léir, idir bheag agus mhór, agus ceannairí na ndíormaí, chun bóthair chun na hÉigipte le heagla roimh na Caildéigh.
27Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaín rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an seachtú lá fichead den mhí, rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaín rí Iúdá [agus scaoil sé] ón bpríosún é. 28Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin. 29Chuir Iahóiácaín a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí. 30Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, fad a mhair sé.

Currently Selected:

2 Ríthe 25: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy