YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí CROINICÍ, EAZRÁ agus NIHIMIÁ

CROINICÍ, EAZRÁ agus NIHIMIÁ
Brollach
Scoir an meall mór scríbhinní staire Iósua-Ríthe de scéal Iosrael nuair a bhuail tubaiste dheoraíocht na Bablóine (587-538 R.Ch.) an pobal. Bhí cathair Iarúsailéim agus an Teampall álainn a thóg Solamh ina bhfothracha, an rítheaghlach agus ceannairí an phobail ar deoraíocht sa Bhablóin. “Le hais uiscí na Bablóine shuímis agus chaoinimis!” An raibh deireadh go deo le pobal Iosrael mar a bhí le pobail eile a cloíodh?
Insítear conas mar a tháinig an pobal slán agus mar a athbhunaíodh é sna ceithre leabhair ar a dtugtar anois 1 Croinicí agus 2 Croinicí, Eazrá agus Nihimiá; bíonn “Stair an Chroinicí” mar ainm áisiúil orthu seo mar aonad ar uaire.
Tharla an t‑imeacht is tábhachtaí staire a raibh baint aige leis an athbhunú in 539 R.Ch. .i. bhris an chumhacht nua dhomhanda, na Peirisigh, ar na Bablónaigh ag cath Opis ar abhainn Tigris. Ghéill cathair na Bablóine do na Peirsigh go luath ina dhiaidh sin, gan buille a bhualadh. Tá tuairisc ar an gconcas seo, a fuarthas sa Bhablóin, ar fáil fós i Musaem na Breataine (Londain). Tugtar Surchóid Chíorais air; soitheach cré atá i gceist agus tá inscríbhinn air a thráchtann ar Mhardúc, dia na Bablóine, “a bhí ag lorg rialtóra fhíréanta. Ansin d'fhuaimnigh sé an t‑ainm Cíoras (.i. rí na Peirse) agus d'fhógair sé é ina rialtóir ar an domhan.” Ach ba é an dea-scéala i gceart do na deoraithe Giúdacha ná dearcadh fabhrach Chíorais i leith na bpobal a bhí faoi. Ba mhór idir é sin agus an phlandáil mhíthrócaireach a rinneadh tar éis don tSamáir titim i lámha na nAsaíreach in 721 R.Ch., agus an scrios a rinne na Bablónaigh ar Iarúsailéim in 587 R.Ch.
Sna céad véarsaí de Leabhar Eazrá tá forógra in Eabhrais ó Chíoras á cheadú do na deoraithe Giúdacha filleadh ar Iarúsailéim. Tugann an forógra ordú freisin an Teampall in Iarúsailéim a atógáil. Tá leagan eile den fhorógra in Eazrá 6:3-5, in Aramais, agus treoir ann na soithí beannaithe a thug Nabúcadnazar buach leis ón Teampall a thabhairt ar ais. Sa dá leagan is sa chéad bhliain de réimeas Chíorais (.i. 538 R.Ch.) a tugadh an forógra. Sa chuntas in Eazrá 1 tá cur síos ar dhream deoraithe Giúdacha a d'fhill agus a thug na soithí naofa ar ais go Iarúsailéim, faoi threoir “Séisbeazar flaith Iúdá”. Ní eol dúinn go cruinn cérbh é an fear seo. B'fhéidir gur mhac é do Iahóiácaín, rí Iúdá, a fuair bás sa Bhablóin. Bhí an taoide casta cibé scéal é; de bharr chneastacht Chíorais bhí na deoraithe ag tosú ar theacht ar ais; a luaithe a thógfaí an Teampall chuirfí tús arís le hadhradh an Tiarna sa Teampall in Iarúsailéim; cuireadh críoch le hatógáil an Teampaill in 515 R.Ch., le linn Dháire I na Peirse (522-486 R.Ch.). Cuallacht bheag dhlúth a ba ea an dream a d'fhill agus a chuir fúthu in Iúdáia a bhí, ach níor éirigh leo neamhspleáchas polaitiúil a bhaint amach; ba chúige beag iad in impireacht na Peirse, agus tugadh Yehud mar ainm oifigiúil ar an gcúige sin.
Mhair an ré Pheirseach nó gur ghabh Alastar Mór an Phailistín in 332 R.Ch. Chuir an ghabháil sin tús leis an ré Heilléineach agus mhair sí sin go dtí gur ghabh Poimp cathair Iarúsailéim in 63 R.Ch. Chuir sin tús leis an ré Rómhánach, an ré inar tharla an t‑ionchollú. Cé nach raibh siad neamhspleách go polaitiúil, bunaíodh dúchas daingean Giúdach sa tréimhse Pheirseach trí chleachtadh dhlí Mhaois go mionchúiseach, agus tríd an liotúirge sa Teampall in Iarúsailéim. Sna cúrsaí sin bhí tábhacht ar leith le leasúcháin shóisialta agus chreidimh na beirte Eazrá agus Nihimiá; tá an n‑ainmneachasan le dhá cheann de na ceithre leabhair a phléimid sa chuid seo den Bhíobla; bhíodar seo gníomhach sa ré Pheirseach, ó 445 R.Ch. ar aghaidh, is é dóichí.
Pléann stair an Chroinicí ábhar le scéal an Pheintiteoch agus Iósua-Ríthe (.i. ó Ádhamh go deoraíocht). Ach ní thosaíonn an cuntas i gceart sna Croinicí go dtí tar éis bháis do Shól agus tosach réimeas Dháiví. Ginealas agus liostaí atá don chéad tréimhse. Ní hinsítear scéal Shóil, ach a bhás amháin. Tá bearnaí móra i scéal bheatha agus réime Dháiví féin e.g. fágtar na himeachtaí a tharla idir bás Shóil agus gabháil Iarúsailéim ar lár. Pléifimid inár ndiaidh an cheist ar bhain an Croinicí feidhm as Geineasas-Ríthe mar fhoinse. Ní foláir a rá ag an bpointe seo go bhfuilimid ag brath ar an gCroinicí, maidir le scéal Eazrá agus Nihimiá, dá lán dár n‑eolas stairiúil faoi na nithe a mhúnlaigh an Giúdachas tar éis na deoraíochta, an bhéim ar an dlí agus an Teampall. Gan an t‑eolas seo ba boichtide ár dtuiscint ar an Tiomna Nua.
Aontacht
Glactar leis de ghnáth gur aonad na ceithre leabhair agus nach miste stair an Chroinicí a thabhairt orthu. Pléann dhá leabhar na gCroinicí stair Iosrael ón gcruthú go dtí deireadh na deoraíochta sa Bhablóin (538 R.Ch.). Díríonn Eazrá agus Nihimiá ar an tréimhse tar éis na deoraíochta. Tugann siad seo cur síos ar na hiarrachtaí a rinne na Giúdaigh ar a saol creidimh agus a saol polaitíochta a dhaingniú agus a fhorbairt tar éis na tubaiste a bhain dóibh sa deoraíocht. Dealraíonn sé go raibh aon údar amháin – “an Croinicí” – freagrach sna ceithre leabhair nuair a chuirtear san áireamh ó thús deireadh an aontacht teanga, stíle, agus diagachta – sa mhéid go gcuirtear béim ar thábhacht an Teampaill (i Iarúsailéim), ar an dlí, ar ríshliocht Dháiví. Tá deireadh Leabhair na gCroinicí (2 Croin. 32:22 et seqq. – an dea-scéala faoi reacht Chíorais, in 538 R.Ch., deireadh a chur leis an deoraíocht sa Bhablóin) ag réiteach focal ar fhocal, geall leis, le céad chaibidil Eazrá. Cruthaíonn sé seo freisin gurb é Croinicí-Eazrá-Nihimiá an t‑ord ceart agus nach é ord an Bhíobla Eabhraigh (.i. Eazrá-Nihimiá-Croinicí). Tharlódh sé gurb é faoi deara ord an Bhíobla Eabhraigh ná gur glacadh le hEazrá-Nihimiá sa chanóin sular glacadh le Croinicí. Tugann Eazrá-Nihimiá tuairisc ar imeachtaí tábhachtacha a bhaineann leis an ré tar éis na deoraíochta nach bhfuil malairt cuntais orthu; ach faighimid sna Croinicí a lán ábhair atá cheana féin ar fáil i nGeineasas-Ríthe.
Ainm
Aon leabhar amháin faoin teideal dibre hayyamim .i. (Leabhar) Imeachtaí na Laethanta, “Annála”, is é sin, atá sa dá leabhar Croinicí sa Bhíobla Eabhraise. Sa leagan Gréigise, an Seachtód, tugadh Paraleipomena .i. “na nithe a fágadh ar lár” air; sa teideal seo tá tagairt do na nithe a fágadh ar lár ó Leabhair Shamúéil agus ó Leabhair na Ríthe, ach atá le fáil i gCroinicí. Ba é an scoláire mór Críostaí, Naomh Iaróm, a mhol teideal níb oiriúnaí ina Prologus Galeatus; sé a mhol sé: Chronicon totius divinae historiae .i. croinic den stair naofa ar fad; glacann a lán leagan nua-aimsire le teideal Iaróm “Croinic”.
Sa Bhíobla Eabhraise cuireadh Croinicí ag deireadh an tríú roinn .i. an naomhscéalaíocht. Sa Seachtód, ámh, cuireadh tar éis Leabhair na Ríthe é, de bharr a bhfuil de stair ann is dócha.
Maidir le hEazrá agus Nihimiá, ar dtús ghlac na rabbím fadó leo seo mar aon leabhar amháin (Bab Bath 15a), agus cuireadh i leith Eazrá é. Ghlac Naomh Iaróm le hEazrá agus Nihimiá mar aonad ina Prologus Galeatus. Ina aistriúchán, an Vulgáid, thug sé aitheantas do dhá shaothar ar leith ar a dtug sé Esdras 1 agus Esdras 2. Dealraíonn sé gur lean sé sa mhéid sin nós a bhí ar bun ó aimsir Origen (†253 A.D.). Ní cás dúinn anois, ámh, scor de cheist achrannach na dteideal ach a lua go bhfuil a n‑ainm féin ag an mBíobla Eabhraise, an Seachtód, agus ag an Vulgáid ar an dá leabhar seo. Tugaimidne féin “Eazrá agus Nihimiá” orthu, faoi mar a dhéanann an Bíobla Eabhraise, agus oireann na teidil sin sa mhéid go leagann siad béim ar na príomhphearsana sa dá chuntas.
Aidhm
Is féidir cuspóir na gceithre leabhar a leámh ar an gclár gairid seo dá n‑ábhar (pléifear an t‑ábhar níos caolchúisí inár ndiaidh).
1 Croinicí 1-9:
Ó Ádhamh go Sól, céad rí Iosrael.
1 Croinicí 10-29:
Bás Shóil agus réimeas Dháiví.
2 Croinicí 1-9:
Solamh (960-922 R.Ch.).
2 Croinicí 10-36:
Ó cheannairc dheich threibh an Tuaiscirt go deireadh dheoraíocht na Bablóine (922-538 R.Ch.).
Eazrá 1-6:
Athbhunú chuallacht Iarúsailéim agus tógáil an dara Teampall (515 R.Ch.).
Eazrá 7-Nihimiá 13:
Daingniú an Ghiúdachais faoi Eazrá agus Nihimiá.
Sa chúrsa fada fairsing staire ón gcruthú go dtí timpeall 400 R.Ch., feicimid ríocht an Deiscirt, ríocht Iúdá, lena Theampall in Iarúsailéim, ag teacht slán, agus ríocht an Tuaiscirt ag dul i léig ar fad i suaitheadh na n‑aoiseanna. Leagtar béim go láidir ar an gcodarsnacht eatarthu, agus léirítear go soiléir nach í an chuallacht aindiaga Shamáireach thuaidh an tIosrael fíor, ach an chuallacht iardheoraíochta in Iarúsailéim lena cúram d'adhradh an Teampaill agus do Dhlí Mhaois. Bhí Iúdá faoi cheannas impireacht na Peirse ó 538 go gabháil Alastair Mhóir, ach cheadaigh an impireacht sin a lán saoirse creidimh dá géillsinigh.
Am agus Tráth
Ní eol dúinn cérbh é údar na gCroinicí, ach is é is dóichí gur shaoránach de Iarúsailéim é agus gur scríobh sé tar éis ré Eazrá agus Nihimiá. Bhí Nihimiá gníomhach 445-432 R.Ch., agus Eazrá tamall ina dhiaidh sin, abair ó 398 R.Ch. ar aghaidh. B'fhéidir go mbaineann an Croinicí féin le timpeall na bliana 300 R.Ch. Is dócha gur Léivíteach é; bhí spéis mhór aige sna sagairt agus sna Léivítigh, agus chomh maith sa chléir shóisearach – doirseoirí agus cantairí agus uile. Is léir gurb é an Teampall agus a sheirbhís croílár Iosrael dar leis.
Foinsí
(i) An ré roimh an deoraíocht
Níor cheap an Croinicí stair nua neamhspléach don tréimhse seo. Is cinnte go raibh Geineasas-Ríthe ar na foinsí a bhí aige; gluaiseann a chuntas céim ar chéim leis siúd sa chuid is mó de, agus freagraíonn dó focal ar fhocal ar uaire. Bhí Geineasas mar fhoinse aige do na ginealaigh ó Ádhamh go Iacób, agus Uimhreacha 26 do chlann mhac Iacóib. Do ré uile na ríochta, Leabhair Shamúéil agus Leabhair na Ríthe, agus tá an Croinicí roghnúil d'aonghnó sa chuid sin. Ó dheighilt na ríochta, tar éis bhás do Sholamh timpeall 922 R.Ch., déanann sé faillí iomlán sna ríthe thuaidh, agus ní thugann aird ach ar ríthe Iúdá. Luann an Croinicí féin dhá shórt foinse: (1) Foinsí ag baint le rítheaghlaigh Iosrael agus Iúdá (e.g. “Leabhair Ríthe Iosrael agus Iúdá” 2 Croin. 27:7), agus (2) Foinsí ar a dtugtar “briathra” fáithe ar leith (e.g. “Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí?” 1 Croin. 29:29). Ach ní féidir dúinn a bheith cinnte de go raibh fáil ag an gCroinicí ar na foinsí sin go díreach.
Ach tugann an Croinicí eolas nach bhfuil i Leabhair na Ríthe, agus bhí fáil aige, de réir dealraimh, ar “Stair Mhíleata Iúdá” de shórt éigin a bhí ag plé le cóir chosanta, daingin, agus ballaí Iarúsailéim (e.g. in 2 Croin. 32:30 tá cur síos ar thógáil an tolláin cháiliúil ag Hiziciá 701 R.Ch., is é is dóichí, le huisce a thabhairt ó fhoinse Ghíohón díreach lasmuigh de bhallaí Iarúsailéim go linn Shiolóám laistigh).
(ii) Tar éis na deoraíochta (.i. ó 538 R.Ch. anuas)
Ní dhéanann Leabhair Eazrá agus Nihimiá, na leabhair a phléann leis an ré seo, aon tagairt dá bhfoinsí, cé go bhfuil leid faoi fhoinsí i gcúpla áit, b'fhéidir (e.g. Nih. 1:1 “Briathra Nihimiá” .i. “Cuimhní Cinn Nihimiá”). Ach is cinnte gur baineadh feidhm as foinsí don tréimhse seo freisin, e.g. tá Eazrá 4:6 – 6:18 bunaithe ar fhoinse ach gur in Aramais a bhí sé agus nach in Eabhrais; sé atá anseo ná cur síos le cabhair cáipéisí oifigiúla ar na deacrachtaí a bhí ag na deoraithe, ar fhilleadh dóibh, ag tógáil an Teampaill agus ballaí na cathrach. Sampla eile is ea “Cuimhní Cinn Nihimiá” (feic romhainn) i Nihimiá 1:1 – 7:5. Ó thaobh stíle de is aonad é seo, seachas an liosta 3:1-32; insíonn sé conas a tógadh ballaí Iarúsailéim d'ainneoin gach cur ina n‑aghaidh, agus luann sé na leasuithe sóisialta agus cultúrtha a chuir Nihimiá i gcrích. Is fiú a lua mar dhúnadh go gcuireann an Croinicí mórán liostaí os ár gcomhair freisin (e.g. an daonáireamh in Eazrá 2:7 a thugann cuntas dúinn ar dhéantús na cuallachta Giúdaí timpeall 400 R.Ch.).
Prionsabail Diagachta
Is minic an Croinicí á chur inár láthair amhail is nach bhfuil radharc aige ar an stair ach trí scáil dhorcha dhíoltas Dé. Míníonn sé ceart go leor na tubaistí go léir a bhain do ríthe Iosrael agus Iúdá mar phionós ar son a bpeacaí. B'fhéidir go ndeachaigh sé rófhada le teagasc seo an díoltais agus é ag insint scéil Mhanaise; ach nach sórt bréagnú ann féin ar theagasc an díoltais a réim fhada seo mar rí ar Iúdá (687-642 R.Ch.) d'ainneoin a pheacaí gránna. Dealraíonn sé nach gcloíonn an Croinicí chomh dlúth sin le fíricí na staire in 2 Croin. 33 nuair a thráchtann sé ar aithrí Mhanaise. Ní miste a rá i gcoitinne go bhfuil diagacht staire an Chroinicí níos fairsinge agus níos féile ná an tuairim peaca-agus-pionós-dá-réir; feiceann sé freisin grásta Dé agus a shlánú ag obair i stair phobal Dé. Feiceann sé a chomharsana féin i lár ré an leasaithe agus an athbhunaithe tar éis dóibh filleadh óna ndeoraíocht sa Bhablóin, cé gur géillsinigh iad go fóill d'impireacht na Peirse. Ag féachaint siar dó ar stair a phobail, feiceann sé snátha iomadúla an díchreidimh agus na tubaiste náisiúnta, an chreidimh agus an athbhunaithe. Sin é an dearcadh a thugann aontacht diagachta dá shaothar liteartha go léir.
I réim fhairsing seo scéal Iosrael agus Iúdá, feiceann an Croinicí pearsa Dháiví rí mar bhuaic ghlórmhar. Bunaíodh pobal Dé go daingean mar chuallacht adhartha an Tiarna, agus chomhlíonta dhlí Mhaois, faoi Dháiví. Sé atá san athbhunú tar éis na deoraíochta, dá bhrí sin, dar leis an gCroinicí na idéal Dháiví beo arís, ach an neamhspleáchas polaitíochta in easnamh. Teastaíonn uaidh leanúnachas phobal Dé ó aois go haois, agus ó ádh go mí-ádh, a léiriú. Glacadh le dlí Mhaois mar chomhartha go mbaineann duine leis an gcuallacht naofa. Chabhraigh aigne an Chroinicí le lucht a linne chun teacht ar thuiscint ar a n‑aontas creidimh, an tuiscint sin ar a gcreideamh a bhuanú, agus diúltú don mhealladh ó chultúr agus ó chreideamh na gciní ina dtimpeall.
Fadhb Staire Eazrá agus Nihimiá
Níor mhiste fadhb i gcroineolaíocht an tSean-Tiomna a lua, fadhb nach bhfuil réitithe fós: “Cé acu ba thúisce, Eazrá nó Nihimiá?” Tá an dáta do chéad théarma Nihimiá tugtha go cruinn i Nihimiá 1:1; 2:1 – “san fhichiú bliain de réimeas Artaxarxaes rí”. Tá na scoláirí i gcoitinne ar aon aigne gurb é Artaxarxaes I (465-424 R.Ch.), rí na Peirse, agus nach é Artaxarxaes II (404-358 R.Ch.) atá i gceist. Dá réir sin is féidir 445 R.Ch. a chur mar dháta le teacht Nihimiá go Iarúsailéim. Tá fianaise seandálaíochta againn ag treisiú leis sin. Tá litir againn ó Oileán Eilifintín faoin mbliain 408 R.Ch., agus luann sí “clann mhac Shanballat, gobharnóir na Samáire”. Tá tagairt don Sanballat seo sa Bhíobla mar chomhaois do Nihimiá; d'fhágfadh sin nárbh fhéidir Nihimiá a theacht le linn Artaxarxaes II.
Fág gur féidir linn a bheith deimhin de gur sa bhliain 445 R.Ch. a tháinig Nihimiá go Iarúsailéim dá chéad téarma mar ghobharnóir, nílimid chomh cinnte sin faoi dháta theacht Eazrá. Deir an Croinicí (Eazrá 7:7) gur tháinig Eazrá go Iarúsailéim “sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí”. Ach cé acu Artaxarxaes atá i gceist? Tá a dhealramh ar an scéal gur shíl an Croinicí gurb é an tArtaxarxaes céanna, Artaxarxaes I, a bhí i réim le linn do Eazrá (in 458 R.Ch.) agus do Nihimiá chomh maith (in 445 R.Ch.) teacht go Iarúsailéim; chuir sé eagar ar a ábhar ar an tuiscint sin. Ar roinnt áirithe cúiseanna, ámh, is dóigh le scoláirí áirithe nár shroich Eazrá go dtí tar éis céad tréimhse Nihimiá agus go bhfuil tuaiplis ghraifneora in Eazrá 7:7 gur chóir uimhir éigin eile, e.g. “sa seachtú bliain fichead” (.i. 428 R.Ch.) a chur ina áit. Tuairimíonn scoláirí eile gur le linn Artaxarxaes II a rinne Eazrá a chuid oibre agus gur tháinig sé go Iarúsailéim sa seachtú bliain dá réimeas siúd .i. timpeall na bliana 398 R.Ch. Sé críoch an scéil é ag na deacrachtaí seo go léir go bhfuilimid cinnte go leor de gur tháinig Nihimiá go Iarúsailéim den chéad uair in 445 R.Ch., ach go bhfuilimid in amhras faoi dhátaí mhisean Eazrá ach go mbaineann siad leis an tréimhse 458-398 R.Ch.
Leasuithe Nihimiá
Thosaigh céad téarma Nihimiá mar ghobharnóir in Iarúsailéim in 445 R.Ch., agus a dhara téarma in 432 R.Ch. Sa dá thréimhse sin chuir sé tús lena lán leasuithe sóisialta agus creidimh a chabhraigh leis na Giúdaigh a tháthú le chéile ina gcuallacht dhlúth. Chrom Nihimiá le díograis ar bhallaí Iarúsailéim a atógáil tar éis dóibh a bheith ar lár ó laethanta mí-áidh scrios na cathrach in 587 R.Ch. Chuir Sanballat, gobharnóir na Samáire, Amónaigh na hOlliordáine agus Eadómaigh dheisceart Iúdá i gcoinne scéim thógála Nihimiá. Chuir na naimhde seo i leith na nGiúdach go raibh ceannairc á beartú acu in aghaidh na bPeirseach.
Fadhb eile ag Nihimiá ab ea Giúdaigh a bheith ag pósadh eachtrannach agus comharsana nár Ghiúdaigh. Mar fhreagra ar na fadhbanna seo chuir Nihimiá béim ar leithleachas an phobail Ghiúdaigh, a bhí bunaithe ar a ndúchas fola agus feola, agus ar a ndílseacht do dhlí Mhaois. D'fhonn an cine a choinneáil gan truailliú chuir Nihimiá cosc ar phósadh le neamhGhiúdach (Nih. 13) – dhíbir sé sagart as oifig nuair a fuarthas amach go raibh sé pósta le hiníon le Sanballat, gobharnóir na Samáire. Ba dhéine fós é Eazrá níos déanaí (Eazrá 10:2-5) mar ní amháin gur choisc sé póstaí measctha, ach scar sé ó chéile lánúineacha a bhí pósta in aghaidh an reachta sin. Ní raibh gach aon duine sásta leis na beartais dhiana sin; b'fhéidir go bhfuil glór duine a bhí míshásta le cineachas cúng Eazrá le clos i Leabhar Rút – dá réir sin phós an Móábach mná (neamhGhiúdach), Rút, Boaz, agus bhí sí mar shin-seanmháthair ag Dáiví, an rí ba mhó a bhí ar Iosrael.
Seachas pósadh measctha a chosc, d'éiligh Nihimiá freisin dílseacht don dlí agus tacaíocht don Teampall in Iarúsailéim; ba é an Teampall sin anois an t‑aon áit amháin dhleathach íobartha do Ghiúdaigh. Cuireadh béim go trom freisin ar an tSabóid a choimeád mar lá suaimhnis agus saoire ó obair, agus ó dhíol agus ó cheannach. Leagadh deachúna ar an bpobal le lucht seirbhíse an Teampaill a chothú.
Samhlaíonn beartais Nihimiá dian biogóideach dúinn inniu, ach ina gcomhthéacs staire sé a bhí iontu ná iarracht thréan ar Iosrael a thabhairt slán mar phobal ar leith, agus a gcreideamh a chaomhnú sa chúngrach dhian ina raibh siad ó thaobh cultúir, creidimh agus polaitíochta tar éis dóibh filleadh ó dheoraíocht. Bhí Iosrael meáite air cloí lena ndúchas d'ainneoin na gciníocha agus na gcultúr namhadmhar ina dtimpeall.
Eazrá Scríobhaí an Dlí
Teideal oifigiúil Peirseach é teideal Eazrá – “Scríobhaí dhlí Dé” (7:12), agus cuireann sé in iúl gur tháinig sé mar “choimisinéir cúrsaí creidimh” ag Giúdaigh i gcúige Iúdá. Chuir sé chun bealaigh ón mBablóin agus buíon mhaith deoraí ina theannta, agus údarás oifigiúil aige ón impireacht Pheirseach, agus cabhair airgid chomh maith. Níor leagadh cúraimí polaitiúla air, ach cúraimí creidimh amháin, agus thug sé leis “Leabhar dhlí Mhaois” (Nih. 8:1) – an Peintiteoch, b'fhéidir, de réir mar a d'eagraigh na deoraithe sa Bhablóin é.
Chruinnigh an pobal le chéile ar fhaiche phoiblí in Iarúsailéim i mí féile an fhómhair, ar a dtugtaí féile na dTaibearnacal (nó na mBothanna; Sukkoth san Eabhrais). Sheas Eazrá i gcrannóg adhmaid agus léigh sé an dlí os ard don phobal, agus d'aistrigh na Léivítigh é ó Eabhrais go hAramais le gurbh fhéidir don phobal é a thuiscint. Déantar cur síos ar an imeacht tábhachtach seo i Nihimiá 8:8. B'fhéidir gurb é seo an chéad tuairisc atá againn ar nós a bhí forleathan le linn Íosa .i. an Bíobla Eabhraise a aistriú go teanga na ndaoine, agus Aramais ab ea an teanga sin tar éis na deoraíochta (targumím a thugtar ar na leaganacha i dteanga na ndaoine).
Ach maidir leis an gcuntas, lá arna mhárach an chruinnithe thosaigh ceiliúradh féile na dTaibearnacal. Ghearr an pobal craobha crann agus thóg taibearnacail nó scáthláin le cónaí iontu le linn na féile seacht lá. I gcaitheamh an ama sin bhíodar ag éisteacht leis an dlí á léamh. Is léir, dá réir sin go léir, cad é tábhacht a bhí le dlí Mhaois a chleachtadh sa ré seo tar éis na deoraíochta. Ba é athnuachan shollúnta an chonartha buaic an cheiliúrtha (Nih. 9) – d'admhaigh an pobal a bpeacaí, agus ghuigh Eazrá thar ceann an phobail; ansin shínigh ceannairí an phobail cáipéis chonartha, agus thug an pobal mionn go gcoimeádfaidís dlí Dé (Nih. 10).
Leag Eazrá, dá bhrí sin, béim mhór ar an dlí mar a bhí sé ar fáil i “Leabhar Dhlí Mhaois”; sé a bhí i gceist leis an leabhar seo, b'fhéidir, an Peintiteoch, mar a dúramar romhainn, nó cuid de Dheotranaimí, nó Léivític 17-26. Ar an tslí sin rinneadh slat tomhais dhílseacht duine do Dhia de dhlí scríofa. Slat tomhais a chiallaíonn an focal “canóin” sa Ghréigis, riail nó tomhas, nó, abair, riail siúinéara. Is féidir brí mheafarach a bheith ag an bhfocal freisin agus é a thagairt do cháipéis scríofa a fhógraíonn riail nó caighdeán scríofa creidimh nó iompair. Le linn Eazrá agus ina dhiaidh fuair an chéad chúig leabhar den Bhíobla, an Peintiteoch, údarás agus aitheantas mar riail agus mar chaighdeán do bheatha an Ghiúdaigh. Tugann a lán scoláirí “athair an Ghiúdachais” ar Eazrá, mar gurb é a bhuail an cló sin ar leith ar an gcine Giúdach, an cló a rinne “muintir an leabhair” díobh, agus a thug a gcáilíochtaí ar leith dóibh as sin amach.
Ach níorbh iad na Giúdaigh amháin a chuir an Peintiteoch i gcroílár a saoil. Thug na Samáirigh urraim dó mar dhlí freisin, ach níor bhain siad an chiall chéanna leis na Giúdaigh as i gcónaí. Mhéadaigh ar an deighilt idir na Samáirigh agus na Giúdaigh agus sa deireadh, timpeall 350 R.Ch., thóg siad a dteampall féin ar Shliabh Ghirizím, mar fhreagra ar an gceann i Iarúsailéim (cf. Eoin 4:4-29). Tá pobal beag Samáireach ina gcónaí fós taobh le Sliabh Ghirizím agus a gcóip ársa páir den Pheintiteoch á teaspáint go mórtasach acu do chuairteoirí.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy