Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Salm 141

141
Go nÉirí mʼUrnaí mar Thúis i dʼFhianaise
1 Salm le Dáiví.
Glaoim ort, a Thiarna, fóir orm gan mhoill;
éist le mo ghlór nuair a ghlaoim ort.
2Go n‑éirí mʼurnaí mar thúis i dʼfhianaise;
go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.
3Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna;
bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.
4Ná claon mo chroí chun oilc ar bith
ná chun droch-bhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide;
nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.
5Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é;
má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é.
Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí,
bíonn mʼurnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
6Caithfear a mbreithiúna go léir le haill;
beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.
7Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh,
scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe.
8Ortsa, a Thiarna, a Dhia liom, atá mo shúile;
ort-sa atá mo thriall, ná fág mʼanam gan dídean.
9Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham;
saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide.
10Go gceaptar na héagráifigh go léir ina líonta féin;
ach deonaigh go dtaga mise slán sábháilte uathu.

Právě zvoleno:

Salm 141: ABN2012

Zvýraznění

Kopírovat

Porovnat

Sdílet

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas