Salm 113
113
Moladh le hAinm Dé
1 Alleluia.
Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna;
molaigí ainm an Tiarna!
2Moladh le hainm an Tiarna
i láthair na huaire agus choíche!
3Ó éirí go luí na gréine,
go raibh ainm an Tiarna dá mholadh!
4Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,
agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.
5Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;
atá ina shuí ar a rí-chathaoir in airde?
6Cromann sé ó na harda anuas
chun féachaint ar neamh agus ar talamh.
7Tógann sé an t‑íseal aníos as an deannach;
ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,
8dá chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí,
ar aon chéim le prionsaí a phobail.
9Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh;
go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.
Právě zvoleno:
Salm 113: ABN2012
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.