1
Matha 7:7
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
ATN1951
Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh: loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; cnagaidh, agus fosclóchar daoibh.
Porovnat
Zkoumat Matha 7:7
2
Matha 7:8
Óir gach aoinneach iarras glacann sé; agus gach aoinneach loirgeas do‐gheibh sé; agus an té chnagas foscaltar dó.
Zkoumat Matha 7:8
3
Matha 7:24
D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig
Zkoumat Matha 7:24
4
Matha 7:12
D’á bhrigh sin, gach nidh ba mhaith libh go ndéanfadh daoine dhaoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean: mar is é sin an dlighe agus na fáidhe.
Zkoumat Matha 7:12
5
Matha 7:14
Óir is cumhang an doras, agus is caol an bealach sheolas chum na beathadh, agus is beag duine do‐gheibh eolas air.
Zkoumat Matha 7:14
6
Matha 7:13
Téighidh isteach an doras cumhang: óir is fairsing an doras, agus is leathan an bealach sheolas fá dhéin an léirscriosta, agus is iomdha duine ghabhas é.
Zkoumat Matha 7:13
7
Matha 7:11
D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad?
Zkoumat Matha 7:11
8
Matha 7:1-2
Ná beiridh breith ionnas nach mbéarfaidhe breith oraibh féin. Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh?
Zkoumat Matha 7:1-2
9
Matha 7:26
Agus gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa, agus nach gcuireann i ngníomh iad, samhlóchar eisean le duine gan chéill do thóg a theach ar an ngainimh
Zkoumat Matha 7:26
10
Matha 7:3-4
Agus cad chuige dhuit an dubhradán atá i súil do bhráthar d’fheicsin, agus nach mbreathnuigheann tú an tsail atá id’ shúil fein? Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin?
Zkoumat Matha 7:3-4
11
Matha 7:15-16
Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh. Ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. An mbailightear caora fíneamhna de’n driseach, nó figí de na feochadánaibh?
Zkoumat Matha 7:15-16
12
Matha 7:17
Mar sin do‐bheir gach deagh‐chrann toradh maith; acht do‐bheir an droch‐chrann droch‐thoradh.
Zkoumat Matha 7:17
13
Matha 7:18
Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt.
Zkoumat Matha 7:18
14
Matha 7:19
Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.
Zkoumat Matha 7:19
Domů
Bible
Plány
Videa