Rómhánaigh 5
5
1Ós rud é gur fíréanaíodh mar sin trí chreideamh sinn, bímid i siocháin le Dia trínár dTiarna Íosa Críost. 2Is trídsean a fuaireamar caoi le bheith ar staid seo na ngrást, agus bainimid lúcháir as ár ndóchas chun bheith rannpháirteach i nglóir Dé. 3Agus ní hamháin sin, is ábhar lúcháire dúinn na pianta a fhulaingímid, ós feasach dúinn go bhfásann teacht aniar as fulaingt péine, 4agus go ngin-eann teacht aniar dea-thréithe, agus go ngineann dea-thréithe dóchas, 5agus nach bhfeallann an dóchas seo orainn, de bhrí gur doirteadh grá Dé inár gcroíthe tríd an Naomh-Spiorad a tugadh dúinn.
6Nuair a bhíomar ró-chloíte le cuidiú linn féin, ba é sin an t-am cóir ar thug Críost é féin don bhás ar son na ndaoine míchráifeacha. 7Is ar éigin a gheobhadh aon duine bás ar son fíréin—cé go bhféadfadh duine, bʼfhéidir, bás a lháil ar son dea-dhuine. 8Ach is mar sin a nocht Dia an grá a thug sé dúinn go bhfuair Críost bás ar ár son nuair a bhíomar fós inár bpeacaigh. 9Agus ós rud é gur fíréan-aíodh sinn lena fhuil, is móide a tharrthóidh sé sinn ó dhian-fhearg Dé. 10Mar, más rud é gur snaidhmeadh cair-deas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic bíodh gur naimhde a bhí fós ionainn, nach móide go mór a tharrthóidh a bheatha sinn agus an cairdeas sin déanta? 11Agus ní hamháin sin, bíonn Dia ina ábhar áthais againn trínár dTiarna Íosa Críost, an té ar ghlacamar ár gcreideamh tríd.
12Mar sin, mar tháinig an peaca isteach sa saol tríd an t-aon duine amháin agus mar tháinig an bás ar shála an pheaca, agus mar leathnaigh an bás ar fud na hÁdhamh-chlainne uile de bhrí nach raibh duine acu gan pheacú— 13mar bhí an peaca ann sul ar tugadh an dlí, ach ní áirítear ann don pheaca nuair nach ann don dlí. 14Ach bhí an bás i réim ó am Ádhaimh go ham Mhaoise, go fiú os cionn an dreama nach ndearna peaca mar pheaca Ádhaimh, a bhí ina réamhchomhartha den té sin a bhí le teacht.
15Ach is neamhionann an bronntanas agus an sárú dlí sin. Is iomaí sin duine ar thug an choir sin a bhás, ach is mó go mór é grásta Dé agus is mó grásta an aon fhir amháin sin Íosa Críost agus is saibhre iad don slua mór. 16Agus is neamhionann an bronntanas agus toradh peaca an aon fhir amháin úd. Mar tugadh breith ar aon choir amháin agus ba dhaorbhreith í, ach lean an bronntanas mórán coireanna agus thug sé fíréantacht leis. 17Anois más rud é gur thug coir an aon fhir amháin an bás i réim tríd an t-aon fhear amháin sin, is móide go mór a bheidh bua agus beatha trí Íosa Críost ag an dream a ghlacas le saibhreas na ngrást agus le bronntanas na fíréantachta.
18Agus ansin, mar tugadh daorbhreith ar an Ádhamhchlann uile mar gheall ar aon choir amháin an aon fhir amháin, tugtar saorbhreith agus beatha don Ádhamchlann uile mar gheall ar ghníomh fíréanta an aon fhir amháin. 19Rinneadh peaca de mhórán as siocair easumhlaíochta an aon duine amháin, agus déantar fíréin de mhórán le humhlú aon fhir amháin. 20Tháinig an dlí leis an choir a mhéadú; ach dá mhéid é an peaca, ba mhó go mór an grásta ná é, 21ionas go mbeadh an réim a bhí roimhe sin ag an bpeaca de bharr an bháis, ionas a deirim go mbeadh an réim sin ag an ngrásta tríd an bhfíréantacht go dtí go mbeadh an bheatha shíoraí againn trí Íosa Críost ár dTiarna.
S'ha seleccionat:
Rómhánaigh 5: OC1970
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: