Rómhánaigh 4
4
1Cad é a déarfaimid ansin i dtaobh Abrachaim, ár sinsear fola agus feola? 2Mar más trí oibreacha a fíréanaíodh Abracham, tá ábhar maíte aige. Ach níl sin aige i láthair Dé. 3Mar cad é a deir an Scrioptúr? “Chreid Abracham Dia agus measadh mar fhíréantacht dó é.” 4Anois maidir leis an té a dhéanas obair, meastar nach bronntanas, ach gur rud é a thagas chuige ó cheart, a thuarastal. 5Agus an té nach ndéanann obair ach a chuireas a mhuinín san té a fhíréanaíos an duine neamh-dhiaga, meastar a chreideamhsan mar fhíréantacht. 6Agus foilsíonn Dáibhí beannacht ar an té a mheastar do Dhia a bheith fíréanta in éagmais oibreacha;
7“Is beannaithe an dream a maitear a mí-ghníomhartha agus a gcumhdaítear a gcoireanna;
8is beannaithe an duine sin nach n-áiríonn an Tiama a pheaca ina éadan.”
9An bhfoilsítear an bheannacht sin ar an dream a timpeallghearradh, nó orthusan agus ar an dream neamh-thimpeallghearrtha freisin? Deirimid gur measadh an creideamh mar fhíréantacht dʼAbracham. 10Conas mar sin a measadh dó í? Ar measadh é roimh a thimpeallghearradh nó ina dhiaidh? Ní roimhe ach ina dhiaidh. 11Fuair sé an timpeallghearradh mar chomhartha nó mar shéala ar an gcreideamh sin a bhí aige roimh ré nuair a bhí sé fós gan bheith timpeallghearrtha. Ba é an chúis a bhí leis, le é bheith ina athair don dream sin a chreideas agus dá meastar an fhíréantacht siúd is nár timpeallghearradh iad, 12agus ina athair mar an gcéanna don dream sin a bhíos ní hamháin timpeallghearrtha ach a leanas eiseamláir an chreidimh sin a bhí ag ár sinsear Abracham roimh a thimpeallghearradh.
13An gealltanas úd a tugadh dʼAbracham agus dá shliocht, go bhfaighidís an domhan mar oidhreacht, ní tríd an dlí ach trí fhíréantacht an chreidimh a tháinig sé. 14Más iad lucht leanúna an dlí atá le bheith ina n-oidhrí, déantar neamhní den chreideamh agus cuirtear an gealltanas as feidhm. 15Óir oibríonn an dlí an fhearg, ach an áit nach bhfuil dlí ann ní féidir iomarbhas dlí a bheith ann.
16Ar an ábhar sin, bíonn an gealltanas ag brath ar an gcreideamh, ar nós go rachaidh sé i muinín an ghrásta agus go ndaingnítear é dá shliocht uile—ní hamháin do lucht leanúna an dlí ach don dream a mbíonn an creideamh céanna sin acu a bhí ag Abracham, ós é is athair againn uile go léir, 17de réir an ní atá scríofa, “Tá athair déanta agam díot ar mhórán náisiún”—a fhianaise sin ar an Dia ar chreid sé ann, an Dia a dhéanann na mairbh beo agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann fós le bheith ina mbeatha. 18Siúd is nach raibh aon ábhar dóchais aige chreid Abracham go dóchasach, go mbeadh sé ina athair ag mórán náisiún; de réir mar a insíodh dó, “Is amhlaidh a bheidh do shliocht.” 19Níor lagaíodh ar a chreideamh agus mairbhe a choirp féin (mar bhí sé i gcionn a chéad bliain), agus aimride Shára lena bhfeiceáil aige go soiléir. 20Ní raibh amhras ná easpa chreidimh air i dtaobh a raibh geallta ag Dia, ach is é rud a neartaíodh lena chreideamh nuair a thug sé an ghlóir do Dhia, 21mar bhí sé deimhin dearfa de go bhféadfadh Dia an ní a bhí geallta aige a chomhlíonadh. 22Agus is é sin an fáth go raibh meas fíréantachta ar an gcreideamh sin aige. 23Ach níor scriobh-adh an méid sin gur, “tugadh an meas sin air,” mar mhaithe leis-sean amháin, 24ach mar mhaithe linne fós. Tabharfar an meas céanna sin orainn má chreidimid san té a thóg Íosa ár dTiarna ó na mairbh. 25an té sin ar tugadh a bhás i ndíol ár gcoireanna agus a tógadh ó na mairbh le fíréin a dhéanamh dínn.
S'ha seleccionat:
Rómhánaigh 4: OC1970
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: