Rómhánaigh 3
3
1Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach? Nó cad é an mhaith atá sa timpeallghearradh mar sin? 2Is é mo fhreagra gur mór é i ngach modh. Ar dtús is leis na Giúdaigh a taobhaíodh céalmhainí Dé. 3Má bhí cuid acu mídhílis féin? An gcuireann a mídhílseachtsan dílseacht Dé ar neamhní? 4Go mba slán gach samhail! Bíodh Dia fíor siúd is go mbíonn gach duine bréagach, mar atá scríofa,
“Ionas go bhfíréanófar thú i do bhriathra,
agus go bhfaighe tú bua nuair a chuirtear breithiúnas ort.”
5Ach más rud é go mbíonn ár gcoirpeacht ag nochtadh cheart Dé, cad é a déarfaimid? An ndéarfaimid nár cheart do Dhia a fhíoch a imirt orainn? (Ní labhraím ach ar nós duine.) 6Go mba slán gach samhail! Ach ab é sin, conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan? 7Ach cuir i gcás nach ndéanann mo bhréagasa ach fírinne Dé a nochtadh ag cur lena ghlóirsean, cad chuige mo dhaoradh mar pheacach ina dhiaidh sin? 8Agus cad chuige gan an t-olc a dhéanamh chun go dtaga an mhaith as? Cuireann lucht na cúlchainte síos dúinn go mbímid á rá sin. Is ceart a ndaoradhsan.
9Agus ansin? An fearrde sinn a bheith inár nGiúdaigh? Ní fearrde sinn ar aon slí; mar tá sé cruthaithe againn cheana go bhfuil na daoine uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, faoi chumhacht an pheaca, 10mar atá scríofa:
“Níl aon duine fíréanta, níl fiú aon duine amháin;
11ní thuigeann aon duine, ní iarrann aon duine Dia.
12Chuaigh siad uile as an tslí, chuaigh siad le chéile ar seachrán;
níl aon duine a dhéanas an mhaith, fiú aon duine amháin.”
13“Is uaigh bhéal-oscailte a gcraos-san,
is uirlis mheanga a dteangasan.”
“Bíonn nimh na nathracha nimhe faoina mbéil.”
14Bíonn a mbéil lán de mhallachtaí agus de shearbhadas.
15“Ní bhíonn moill orthu chun doirteadh fola,
16leanann an buaireamh agus an bascadh ar a lorg.
17Agus ní feasach dóibh slí na síochána.”
18“Níl eagla Dé os comhair a súl.”
19Is feasach dúinn anois an méid a deir an dlí go ndeir sé é leis an dream sin atá faoin dlí, ionas go gcuirtear gach béal ina thost, agus go mbeidh an domhan ar fad freagrach do Dhia. 20Mar ní fhíréanófar aon mhac máthar os a choinne trí oibreacha an dlí, ós tríd an dlí a fhaightear fios ar an bpeaca.
21Ach anois is amhlaidh a nochtadh fíréantacht Dé in éagmais an dlí, siúd is go dtugann an dlí agus na fáithe fianaise ina taobh, 22i dtaobh fhíréantacht Dé trí chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh uile. Óir níl aon difríocht ann; 23ós rud é go ndeama siad uile go léir peaca agus nár shroich siad glóir Dé, 24fíréanaítear iad trína ghrásta mar bhronntanas, tríd an tsláinte atá in Íosa Críost, 25a thug Dia chun tosaigh chun go mbeadh a fhuilsean ina héiric a ghlacfar le creideamh. Tharla sin le go nochtfaí fíréantacht Dé, ó lig sé na sean-pheacaí thairis ina fhoighne dhiaga; 26tharla sé le go ndearbhófaí gur fíréanta é féin agus go bhfíréanaíonn sé an té a chreideas in Íosa.
27Cá bhfuil ábhar ár maíte mar sin? Is é mo fhreagra nach bhfuil slí dó ann. Cad é a chuirtear i bhfáth? An oibreacha? Ní hamhlaidh, is é an creideamh a chuirtear i bhfáth. 28Mar is deimhin linn go bhfíréanaítear duine in éagmais oibreacha an dlí. 29Nó an Dia do na Giúdaigh amháin é Dia? Nach Dia é do na Gintlithe freisin? Is ea, is é Dia na nGintlithe é freisin; 30ós aon Dia amháin é; agus fíréanóidh sé lucht an timpeallghearrtha ar shéala a gcreid-imhsean agus fíréanóidh sé an dream nár timpeallghearradh trína gcreideamhsan. 31An gcuirimid an dlí ar ceal tríd an gcreideamh sin? A mhalairt! Is é rud, bímid ag dearbhú an dlí.
S'ha seleccionat:
Rómhánaigh 3: OC1970
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland