1 Coraintigh 8
8
1Anois i dtaobh an bhia a bhítear á ofráil do dhéithe bréige: is feasach dúinn go bhfuil “eolas againn uile.” Séideann an “tEolas” le gaoth, ach cothaíonn an grá an croí. 2Má fheictear do dhuine go bhfuil aon eolas aige, níl an t-eolas aige go fóill mar is cóir. 3Ach má tá grá ag duine do Dhia, tá aithne ag Dia ar an duine sin.
4Mar sin de, chomh fada agus a bhaineann le bia a bhíos á ofráil do dhéithe bréige, tá a íhios againn “nach bhfuil dia bréige ann go fíor,” agus “nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin.” 5Mar siúd is go bhfuil mórán ar neamh agus ar talamh atá in ainm a bheith ina ndéithe—mar tá mórán “déithe” agus mórán “tiamaí” ann— 6ní lúide, níl againne ach an t-aon Dia amháin, an tAthair, a dtagann na nithe uile uaidh, agus a mairimid dó, agus níl ach an t-aon Tiarna amháin, Íosa Críost, a mbíonn na nithe uile ann tríd agus a mairimidne tríd.
7Ní lúide, níl an t-eolas sin ag an uile dhuine. Tá dream ann, a itheas bia ionann is mar a ofráladh é dáiríre do dhia bréige, ó bhí siad cleachta le déithe bréige roimhe sin; agus truaillítear a gcoinsias siúd, trína laige. 8Nílimid inmholta i súile Dé de thairbhe bia. Ní measaide sinn gan ithe, agus ní fearrde sinn ithe. 9Ach bígí ar bhur n-aire ar eagla go mbeidh an ní atá ina shaoirse agatsa ina ábhar titime don duine lag. 10Mar má íheiceann aon duine tusa, an fear a bhfuil an t-eolas aige, ina shuí ag bord i dteampall dia bréige, nach cosúil go ngríosfadh sé sin é, má tá a choinsias lag, le bia a ithe a ofráladh do dhéithe bréige? 11Agus mar sin scriosann an t-eolas sin atá agat an duine lag seo, an bráthair a bhfuair Críost bás ar a shon. 12Mar sin, tá peaca déanta agat in aghaidh do bhráithre, agus a gcoinsias gonta agat nuair a bhíos sé lag, agus tá peaca déanta agat in aghaidh Chríost. 13Dá bhrí sin, má bhíonn an bia ina chúis titime do mo bhráthair, ní íosfaidh mé feoil choíche, ar eagla bheith i mo chúis titime do mo bhráthair.
S'ha seleccionat:
1 Coraintigh 8: OC1970
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland