Ves al contingut

Cóheilit 6

6
1Tá olc eile ann a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus luíonn sé go trom ar dhaoine: 2duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar. 3Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é. 4Óir, dʼainneoin gur in aisce a thagann an marbhleanbh isteach sa saol agus go n‑imíonn sé leis sa dorchadas nó go mbíonn a ainm folaithe ann, 5agus bíodh nach bhfeiceann sé an ghrian agus nach mbíonn eolas aige ar aon rud, is fearr an bhail a bhíonn air ná ar an duine úd. 6Dá mairfeadh duine míle bliain faoi dhó ach gan aon rath a theacht air nach dtéann an bheirt acu go dtí an áit chéanna?
Mianta Doshásta agus Aineolas an Duine
7Saothraíonn an duine ar mhaithe lena bholg ach ní shásaítear a ghoile riamh. 8Cén buntáiste atá ag an eagnaí ar an amadán nó ag an duine bocht féin a thuigeann conas é féin a iompar i láthair daoine. 9Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine–baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
10Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin. 11Dá líonmhaire iad na briathra a labhraítear is ea is mó í an bhaois. Cén tairbhe a bhaineann an duine as? 12Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?