Na Sailm 82
82
Salm 82.
Deus stetit.
1Seasaíonn Dia i gcoṁṫionól na bprionsaí: is breiṫeaṁ é i measc na ndéiṫe.
2Ca ḟad a ndéanfaiḋ siḃ breiṫiúnas míċeart: agus a mbeiḋ siḃ i leiṫ luċt an oilc?
3Cosnaigí an duine boċt agus an dílleaċta: féaċaigí ċuige go ḃfaiġe luċt na hainnise agus an riaċta nais a gceart.
4Fuasclaígí an ruagaire reaṫa agus an boċtán: taḃraigí slán iad as láiṁ an droċ ḋuine.
5Ní ġlacfaiḋ siad le foġlaim ná ní ṫuigfiḋ siad, aċ ag siúl rompu sa dorċad as: tá buna ui le an talaiṁ as áit.
6Is é adúirt mé, Is déiṫe siḃ: is clann an Té is Airde siḃ uile.
7Ní lúide ġeoḃas siḃ bás mar ḋuine: agus titfiḋ siḃ mar ṗrionsa de na prionsaí.
8Éiriġ, a Ḋia, agus taḃair féin breiṫiúnas ar an doṁan: óir glacfaiḋ tú seilḃ ar na náisiúin uile.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 82: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965