Na Sailm 70

70
Salm 70.
Deus in adjutorium.
1Deifriġ, a Ḋia, dom ḟuascailt: déan deifir agus cuidiġ liom, a Ṫiarna.
2Bíoḋ náire agus díomua ar an dream atá ag iarraiḋ mʼanma: cuirtear ar gcúi agus cuirtear ceann faoi ar an dream a mbíonn olc acu dom.
3Go mba é a náiriú in am ġairid a luaíoċt: don dream a ḃíos ag glaoċ, Seo, seo, liom.
4Aċ bí tusa mar áḃar áṫais agus mar ċúis lúċáire ag an dream a ḃíos dod iarraiḋ: agus bíoḋ an luċt gurab aoiḃinn leo do ṡlánú á rá i gcónaí, Molaḋ leis an Tiarna.
5Aċ táimse i mboċtanas agus i mbrón: déan deifir agus tar ċugam, a Ḋia.
6Is tú mo ċúntóir agus mʼḟuascailteoir: a Ṫiarna, nárḃ ḟada uaim do ṫeaċt.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 70: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió