Na Sailm 56
56
Salm 56.
Miserere mei, Deus.
1Bíoḋ trócaire agat orm, a Ḋia, óir bíonn an duine ag iarraiḋ mé a ṡlogaḋ: bíonn sé gaċ lá ag troid, agus ag cur buarṫa orm.
2Níl lá naċ mbíonn mo naiṁde ag déanaṁ a ndíċill le mo ċraos‑slogaḋ: óir is iomaí duine atá ag troid im éadan, a Ḋia is Airde.
3Aċ ina ḋiaiḋ sin, cé go mbíonn eagla orm ar uaire: is asat a ḃíonn mo ḋóċas.
4Molfaiḋ mé Dia, ar son a ḃriaṫair: ċuir mé mo ḋóċas i nDia, agus ní heagal liom a ndéanfaḋ fuil agus feoil orm.
5Níl lá naċ mbaineann siad míṫuiscint as mo ḃriaṫra: ní smaoiníonn siad aċ ar an doċar a ḋéanfaiḋ siad dom.
6Bíonn siad ag teaċt le ċéile, ag dul i ḃfolaċ roṁam: téann siad ar mo lorg, agus cuireann siad luíoċán roiṁ mʼanam.
7An dtaḃarfaiḋ a n‑urċóid slán iad: i do ḋíḃeirg, a Ḋia, cuirfiḋ tú ar lár iad.
8Bíonn mo ṡeaċráin siúil á gcuntas agat; cuir mo ḋeora isteaċ i do ḃuidéal: naċ ḃfuil na niṫe seo uile breacṫa agat i do leaḃar?
9Ċoṁ minic agus a ġlaoim ort, cuirfear an ruaig ar mo naiṁde: tá a ḟios sin agam; ó tá Dia ar mo ṫaoḃ.
10Is é briaṫar Dé mo ċúis lúċáire: as briaṫar Dé a ḃainfeas mé sólás.
11I ḃfírinne, tá mo ḋóċas curṫa i nDia: ní heagal liom a ndéanfaiḋ an duine orm.
12Is duitse, a Ḋia, a ċoṁallfas mé mo ṁóideanna: is duitse a ṫaḃarfaiḋ mé buíoċas.
13Óir is tú a dʼḟuascail mʼanam ó ḃás, agus mo ċosa ó ṫitim: ionas go siúlad os coinne Dé faoi ṡolas na mbeo.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 56: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965