Na Sailm 53
53
Salm 53.
Dixit insipiens.
1Is é a dúirt an duine amaideaċ ina ċroí: Níl aon Dia ann.
2Is truailliṫe atá siad, dʼéiriġ a n‑urċóid gráiniúil: níl aon duine a ḋéanas an ṁaiṫ.
3Dʼḟéaċ Dia anuas ó neaṁ ar ċlann Áḋaiṁ: go ḃfeicfeaḋ sé an mbeaḋ tuiscint ag aon duine, an iarrfaḋ sé Dia.
4Aċ ċuadar uile as an slí, dʼéiríodar gráiniúil ar fad: níl duine ann a ḋéanas an ṁaiṫ, níl, fiú aon duine aṁáin.
5Naċ iad atá gan tuiscint, a mbíonn droċḟuadar fúṫu: ag iṫe mo ṁuintire mar dʼíosfaidís arán? Níor ġlaoiġ siad ar Ḋia.
6Ḃí eagla orṫu gan áḃar eagla ann: óir ḃris Dia cnáṁa an té a ċuir léigear ort.
7Ċuir tú náire orṫu: ó ḃí díṁeas ag Dia orṫu.
8Go raiḃ an slánú á ḃronnaḋ ar Iosrael as Síón amaċ: go ḃfuascla an Tiarna a ṁuintir as broid!
9Is ansin a ḃeaḋ lúċáir ar Iácób: agus áṫas ar Iosrael.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 53: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965