Na Sailm 120

120
Salm 120.
Ad Dominum.
1Sa ḃuaireaṁ dom ġlaoiġ mé ar an Tiarna: agus ṫug sé cluas dom.
2Fuascail mʼanam, a Ṫiarna, ó ḃéala bréagaċa: agus ó ṫeanga ṁealltaċ.
3Cad é an díoltas a ṫaḃarfar duit nó a imreofar ort, a ṫeanga ḃréagaċ: saiġeada géara gáifeaċa, agus aiḃleoga dearga dóite.
4Is mairg go ḃfuil orm maireaċtáil le muintir Ṁeseċ: agus cónaí i measc puball Clainne Ċédar.
5Is fada mʼanam ag áitriú ina measc: an dream ḃíos ina naiṁde don tsíoċáin.
6Bím ag saoṫrú na síoċána, aċ nuair a ḃím á lua leo: bíonn siadsan ag déanaṁ réiḋ ċun caṫa.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 120: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió