Na Sailm 109
109
Salm 109.
Deus laudem.
1Ná fan i do ṫost, a Ḋia atá molta agam: óir hosclaíoḋ im aġaiḋ béal luċt an oilc, hosclaíoḋ im aġaiḋ béal na mbréagairí.
2Agus laḃraíodar im aġaiḋ le teangaċa bréagaċa: ṫimpeallaiġ siad mé le briaṫra fuaṫa, agus ṫroideadar gan ċúis im aġaiḋ.
3Ar son an ġrá a ṫug mé dóiḃ, féaċ mar ṫéann siad im éadan: aċ téimse i muinín na hurnaí.
4Is aṁlaiḋ a ṫug siad an t‑olc in aġaiḋ na maiṫeasa: agus an fuaṫ in aġaiḋ mo ḋea‑rúin.
5Cuir tusa fear oilc ina rialtóir os a ċionn: agus seasaḋ eascara ar a láiṁ ḋeas.
6Nuair a ṫugtar breiṫ air, daortar é: agus tiontaítear a urnaí ina peaca.
7Go mba tearc iad a laeṫanta: agus glacaḋ fear eile a oifig.
8Bíoḋ a ċlann ina ndílleaċtaí: agus a ḃanċéile ina baintreaċ.
9Bíoḋ a ċlann ina luċt siúil, ag iarraiḋ a n‑aráin: á iarraiḋ as áiteanna uaigneaċa.
10Caiṫeaḋ fear na ḃfiaċ a mbíonn aige: agus creaċaḋ an coiṁṫíoċ ar ṡaoṫraiġ sé.
11Ná raiḃ duine ann a ġlacfaḋ trua dó: nó a ḋéanfaḋ cineál ar a leanaí gan aṫair.
12Scriostar a ṡlioċt: agus báitear a ṡloinne sa ġlúin a ṫiocfas.
13Cuiṁnítear in aṁarc an Tiarna ar urċóid a aiṫreaċa: agus ná scriostar amaċ peaca a ṁáṫar.
14Bídís i gcónaí os coinne an Tiarna: go scriosa sé a gcuiṁne de ḋroim an talaiṁ.
15Bíoḋ sin aṁlaiḋ, de ḃrí nár rún leis an ṁaiṫ a ḋéanaṁ: aċ ag cur géarleanúna ar an duine boċt cloíte, go maraíoḋ sé an té a ḃí faoi ḃuaireaṁ ċroí.
16Ḃí a ḋúil sna mallaċtaí, agus is iad a ṫiocfas air: ní raiḃ grá aige do na beannaċtaí, agus dá ḃarr sin is fada uaiḋ a ḃeiḋ siad.
17Ċuir sé air na mallaċtaí mar éadaċ: agus tiocfaiḋ siad mar uisce isteaċ ina inní, agus mar ola isteaċ ina ċroí.
18Bídís aige mar an mbrat a ḃíos air: agus mar an gcrios a ḃíos ṫar a ċom de ṡíor.
19Go mbʼaṁlaiḋ a ḋéanfaiḋ an Tiarna le mo naiṁde: agus le luċt ṁílaḃarṫa mʼanama.
20Aċ déan tusa liom, a Ṫiarna Dia, de réir dʼAinm: óir is milis do ṫrócaire.
21Ó fuascail mé, óir táim boċt ar díṫ ċuidiṫe: agus tá mo ċroí gortaiṫe i mo lár.
22Bím ag imeaċt as seo mar imíos an scáil: agus do mo ruaigeaḋ as mar an dreolán teaspaiġ.
23Bíonn mo ġlúna lag le troscaḋ: triomaíoḋ mʼḟeoil le heaspa ṁéaṫrais.
24Ḃí mé mar aċasán acu: ḃí a ḃfaca mé ag craiṫeaḋ a gcinn.
25Cuidiġ liom, a Ṫiarna, a Ḋia liom: slánaiġ mé de réir do ṫrócaire;
26Go raiḃ a ḟios acu, gurb é seo do láṁ: agus gur tú, a Ṫiarna, a rinne é.
27Siúd is go mallaċtaíonn siadsan, bí tusa ag beannú: agus cuirtear díomua ar a n‑éiríonn amaċ im aġaiḋ; agus bíoḋ lúċáir ar do ṡeirḃíseaċ.
28Bíoḋ náire ar mʼeascairde: agus bídís á ḃfolaċ féin lena ndíomua féin mar le brat.
29Aċ beiḋ mise ag taḃairt mórḃuíoċais don Tiarna le mo ḃéal: agus ag seinm a ṁolta i measc an tslua;
30Óir seasfaiḋ sé ar ṫaoḃ ḋeas an ḃoċtáin: lena anam a ṡlánú ar ḃreiṫiúna éagóraċa.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 109: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965