Na Sailm 103
103
Salm 103.
Benedic, anima mea.
1Mol an Tiarna, a ṁʼanam: agus molaḋ a ḃfuil ionam a Ainm naofa.
2Mol an Tiarna, a ṁʼanam: agus ná déan dearmad dá ṫíolaicí uile;
3An té a ṁaiṫeas do ṗeaca uile: agus a leiġeasas do ḃreoiteaċta uile;
4An té a ṡlánaíos do ḃeaṫa ó scrios: agus a ċuireas barr trócaire agus carṫanaċta ort;
5An té a ṡásaíos do ḃéal le hollṁaiṫeas: do do ḋéanaṁ bríoṁar óg mar an iolar.
6Cuireann an Tiarna an ḟíréantaċt agus an breiṫiúnas i ḃfeiḋm: don uile ḋuine dá mbíonn á ḃrú ag an éigeart.
7Ṫaispeáin sé a ṡlite do Ṁaois: a oibreaċa do ċlann Iosrael.
8Is lán an Tiarna de ṫrua agus de ṫrócaire: is fadḟulangaċ é, agus is mór a ṁaiṫeas.
9Ní ḃeiḋ sé ag ceasaċt i gcónaí: ná ní ċoṫaíonn sé a ḟearg de ṡíor.
10Ní ḋearna sé linn mar ṫuill ár bpeacaí: ná ní ṫug sé luaíoċt ár míġníoṁarṫa dúinn.
11Óir féaċ a airde agus atá an neaṁ os cionn an talaiṁ: ní mó é ná a ṫrócaire don dream darb eagal é.
12Féaċ fós a ḟad agus atá an aird ṫoir ón aird ṫiar: a ċoṁḟad sin a ċuir sé idir sinn agus ár bpeacaí.
13Go deiṁin, mar ḃíonn trua ag an aṫair dá ċlann féin: is aṁlaiḋ bíonn trócaire ag an Tiarna don dream darb eagal é.
14Óir is feasaċ dó an t‑áḃar as a ndearnaḋ sinn: is cuiṁneaċ leis naċ ḃfuil ionainn aċ deannaċ.
15Ní ḃíonn laeṫanta an duine aċ mar an ḃféar: bíonn a ḃláṫ mar ḃláṫ an ṁaċaire.
16Óir ċoṁ luaṫ agus a ṡéideas an ġaoṫ air, imíonn sé: agus ní aiṫneoiḋ a áit é feasta.
17Aċ maireann maiṫeas trócaireaċ an Tiarna go saol na saol don dream darb eagal é: agus a ḟíréantaċt le haġaiḋ clann na clainne.
18Le haġaiḋ luċt coimeádta a ċonarṫa: luċt cuiṁniṁ agus cleaċtaiṫe a aiṫeanta.
19Tá a ċaṫaoir faoi réir ag an Tiarna ar neaṁ: agus níl ní naċ ḃfuil faoi réir a ríoċta.
20Molaigí an Tiarna, a aingeala an Tiarna is tréine cuṁaċt: a ċoṁlíonas a aiṫeanta, agus a ṫugann cluas do ġlór a ḃriaṫar.
21Molaigí an Tiarna, a ṡluaite an Tiarna: a ṡeirḃísiġ an Tiarna a ḋéanas a ṫoil.
22Molaigí an Tiarna, a oibreaċa uile an Tiarna, i ngaċ áit dá ḃfuil faoina réim: Mol an Tiarna, a ṁʼanam.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 103: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965