Na Sailm 101

101
Salm 101.
Misericordiam et judicium.
1An trócaire agus an breiṫiúnas is áḃar do mʼaṁrán: is duitse, a Ḋia, a ċanfaiḋ mé é.
2Taḃair dom ḃeiṫ tuisceanaċ: faoi ṡlí na cráifeaċta.
3Ca huair a ṫiocfaiḋ tú ċugam: siúlfaiḋ mé i mo ṫeaċ le croí gan ċlaon.
4Ní ġlacfaiḋ mé droċḃeart idir láṁa; bíonn fuaṫ agam do ṗeacaí na míḋílseaċta: ní ḃfaiġiḋ a leiṫéid greim orm.
5Imeoiḋ croí claon uaim: ní ċuirfiḋ mé aiṫne ar ḟear an oilc.
6An té ḃíos ag iṫiomrá ar a ċoṁarsa os íseal: scriosfaiḋ mé an fear sin.
7Fear na súl díomasaċ agus na hardintinne: ní ḟulaingeoiḋ mé é.
8Bíonn mo ṡúile ar luċt dílseaċta na tíre: go mbí siad ar aontíos liom.
9An té a ċaiṫeas a ḃeaṫa go cráifeaċ: is é a ḃeas mar ṡeirḃíseaċ agam.
10Ní ċónóiḋ mealltóir i mo ṫeaċ: ná ní ḟanfaiḋ an bréagaire ar mʼaṁarc.
11Is gairid go scriosfaiḋ mé daoine míċráifeaċa na tíre: go gcuire mé ar ceal luċt cleaċtaiṫe na ndroċġníoṁarṫa ó ċaṫair an Tiarna.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 101: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió