Maitiú 2

2
Caibidil II
Ḃeir pa draoiṫe tioḋlaicṫe ċuig Íosa: teiċeann an Teaġlaċ Naoṁṫa ċun na h-Éigipte: marḃaḋ na leanḃ.
1Annsin nuair a rugaḋ Íosa#Lúc. 2, 7. i mBeiṫil lúda le linn Ioruaiḋ, rí, féaċ, ṫáinic draoiṫe as an oirṫear go h-Ierusalem,
2Ag ráḋ: Cá ḃfuil an té seo a rugaḋ ina ríġ ar na h-Iúdaiġ? Óir ċonnacamar a réalt san oirṫear, agus ṫáiniceamar ċun é d’aḋraḋ.
3Agus nuair a d’airiġ rí Ioruaḋ seo, ḃi buaiḋreaṁ air, agus ar Ierusalem uilig ina ṫeannta.
4Agus ar ċruinniuġaḋ na bpríoṁ-ṡagart agus Scríoḃaiḋṫe an ṗobail go léir le ċéile dó, d’ḟiafruiġ sé díoḃ cá h-áit an ċóir do’n Ċríost a ṫeaċt ar an tsaoġal.
5Agus duḃairt siad-san leis: I mBeiṫil lúda, óir sin mar atá scríoḃṫa ag an ḟáiḋ:
6Agus tusa, a Ḃeiṫil, talaṁ Iúda,#Miċeas 5, 2; Eoin 7, 42. ní tú is luġa ar ċor ar biṫ ar ṫaoisiġ Iúda, óir is asat-sa a ṫiocfas an ceannṗort a ḋéanfas mo ṗobal, Israél, a riaġlaḋ.
7Annsin ġoir Ioruaḋ na draoiṫe ċuige i ngan ḟios, agus fuair sé amaċ go cruinn uaṫa an t-am i n-ar noċtaḋ an réalt dóiḃ.
8Agus ġá gcur isteaċ go Beiṫil, duḃairt sé: Imṫiġigiḋ, agus cuartuiġigiḋ an leanḃ go mait, agus nuair a ġeoḃas siḃ é, taraigiḋ le scéala ċugam-sa arís, ċun go dcéiġiḋ mise le h-aḋraḋ a ṫaḃairt dó fosta.
9Agus nuair a ċuala siad an méid sin ó’n ríġ, d’imṫiġ siad. Agus féaċ, an réalt a ċonnaic siad san oirṫear, ġluais sé rompa go dtí gur stad sé ós cionn na h-áite ina raiḃ an leanḃ.
10Nuair a ċonnaic siad an réalt, lionaḋ le h-áṫas as cuimse iad.
11Agus ar ḋul isteaċ san tiġ dóiḃ, fuair siad an leanḃ agus Muire, a ṁáṫair, agus ag sléaċtaḋ go talaṁ dóiḃ, ṫug siad aḋraḋ dó: agus d’ḟoscail siad a gcuid stór go dtug tioḋlaicṫe dó, ór, túis, agus miorr.#Sailm 71, 10.
12Agus ó fuair siad raḃaḋ ina gcodlaḋ gan dul ṫar ais ċuig loruaḋ, ṗill siad bealaċ eile ċun a dtíre féin.
13Nuair a ḃí siad-san ar ṡiuḃal, féaċ, ṫaisbeán aingeal an Tiġearna é féin i n-aisling do Ióseṗ, agus duḃairt: Éiriġ agus cóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair, agus teiċ ċun ba h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsiḋ mise duit. Óir is aṁlaiḋ a ḃéas Ioruaḋ ar lorg an leinḃ ċun é ċur ċun báis.
14Agus ar éirġe dó-san, ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair san oiḋċe, agus d’imṫiġ sé ċun na h-Éigipte.
15Agus ḃi sé annsin go bás Ioruaid: ionnas go gcóiṁlíontaí an rud a duḃairt an Tiġearna tríd an ḟáiḋ, a duḃairt: Ġoir mé ar mo ṁac as an Éigipt.#Osee 11, 1.
16Annsin nuair a d’airiġ Ioruaḋ gur ḃain na draoiṫe meallaḋ as, ḃi fearg as cuimse air, agus ar ċur luċt marḃṫa amaċ dó, ṁarḃ sé a raiḃ de ṗáistí fir i mBeiṫil, agus ins na críoċa uilig ina ṫimċeall, i n-aois a ndá mbliaḋan agus faoi, do réir na n-aimsire a fuair sé amaċ go cruinn ó na draoiṫe.
17Ba annsin a cóiṁlíonaḋ an rud a duḃairt Ieremías, fáiḋ, ag ráḋ:
18Cluineaḋ guṫ i Rama,#Ier. 31, 15. mairgneaċ agus árd-ġol: Raċel ag caoinead a cloinne, agus níorḃ áil lél sólás a ġlacaḋ, siocair gan iad a ḃeiṫ ann.
19Aċt nuair a bí Ioruaḋ marḃ, féaċ, ṫaisbeán aingeal an Tiġearna é féin do Ióseṗ i n-aisling san Éigipt,
20Ag ráḋ: Éiriġ, agus tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair, agus gaḃ isteaċ i dtír Israéil: óir tá siad siúd marḃ a ḃí ag iarraiḋ bás an leinḃ.
21Agus d’éiris seisean, ṫóg leis an leanḃ agus a ṁáṫair, agus ṫáinic go tír Israéil.
22Aċt nuair a ċuala sé go raiḃ Arclás ina ríg i n-Iudaia i n-ionad Ioruaiḋ, a aṫair, ḃí eagla air dul annsin, aċt fuair sé raḃaḋ ina ċodlaḋ, agus ṫarraing sé ar ċríoċa na Gailile.
23Agus ṫáinic sé a ċóṁnaiḋe i gcaṫair dá ngoirtear Nasair, ionnas go gcóiṁlíontaí an rud a duḃraḋ tríd na ḟáiḋe: Go ngoirfear Nasarḋa de.

S'ha seleccionat:

Maitiú 2: ASN1943G

Subratllat

Comparteix

Copia

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió

YouVersion utilitza galetes per personalitzar la teva experiència. En utilitzar el nostre lloc web, acceptes el nostre ús de galetes tal com es descriu a la nostra Política de privadesa