Salm 124

124
Is in Ainm an Tiarna atá ár gCúnamh
1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.
Murach an Tiarna a bheith inár leith;
abradh Iosrael anois:
2Murach an Tiarna a bheith inár leith,
nuair a tugadh fúinn,
3is amhlaidh a shlogfaí beo beathach sinn.
Nuair a bhladhmfadh a mbuile inár n‑aghaidh,
4dʼéireodh an díle os ár gcionn,
agus shlogfadh an tuile sinn.
5Sea, scuabfadh na tonnta chun siúil sinn,
go ndéanfadh ár mbá.
6Moladh leis an Tiarna nár thug sinn
inár gcreach dá bhfiacla.
7Sciobadh ár n‑anam amhail éan
as líon na bhfoghlaeirí.
Go deimhin, briseadh an líon;
agus dʼimíomar slan.
8Tá ár gcúnamh in ainm an Tiarna
a rinne neamh agus talamh.

Цяпер абрана:

Salm 124: ABN2012

Пазнака

Капіяваць

Параўнаць

Падзяліцца

None

Хочаце, каб вашыя адзнакі былі захаваны на ўсіх вашых прыладах? Зарэгіструйцеся або ўвайдзіце