Salm 114
114
Imirce Iosrael as an Éigipt
1 Alleluia.
Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach,
teaghlach Iacób ón bpobal barbartha,
2rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá,
agus tharla Iosrael ina ríocht aige.
3Chonaic an mhuir agus theith sí;
agus chas an Iordáin ar ais.
4Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí,
agus na cnocáin ar nós uan óg.
5Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú?
Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?
6Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí,
agus a chnocána, ar nós uan óg?
7Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna;
creathnaigh i láthair Dhia Iacób,
8a chlaochlaigh an charraig ina linn,
agus an aill ina foinse uisce.
Цяпер абрана:
Salm 114: ABN2012
Пазнака
Капіяваць
Параўнаць
Падзяліцца
Хочаце, каб вашыя адзнакі былі захаваны на ўсіх вашых прыладах? Зарэгіструйцеся або ўвайдзіце
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.