Geinis 49
49
Beannacht Iacob ar a chuid mac, agus fáidhideóracht ghní sé. A bhás.
1Ghlaoidh Iacob ar a chlann mhac, agus ars é leo: “Cruinnigidh le cheile go n-innighidh mé díbh na néithe a thuitfeas amach díbh ins na laethe deiridh, (le teacht). 2Taraigidh le chéile, agus éistigidh, O! A mhaca Iacoib, éistidh le Israel, bhur n-athair:
3“A Rúbein, mo chead-ghein, is tú mo neart, agus tus mo bhuadhartha; is mór (thú) ins na tabhartasaí, agus níos mó i do thaoiseach. 4Is mar an t-uisce-dóirtighthe-amach thú, ná méaduigh; de bhrigh go dteachaidh tú suas chuige leabaidh d'athar, 's gur shálaigh tú a leabaidh air.
5“Símeon agus Levi—d'reathracha iad. Lán d'olcas. Ag síor-chur áir. 6Ná leigthear do mo spiorad (m'anam) dhul isteach in a gcómhairla-sean, ná do m'onóir (mó ghlóir) in a gcruinneacha, de bhrigh gur mharbhuigh siad fear, ina bhfeirg, agus, in a n-aintoil thochail siad faoi bhalla. 7Mallacht ar a gcuid feirge, óir ba náireach í: agus mallacht ar a ndíbhbfeirg, óir ba nimhneach gan trócaire í: deanfad-sa iad a roinnt in Iacob, agus iad a ruaigeadh in Israel.
8“A Iúda, molfadh do dh'reathracha thusa. Beidh greim (láimh) sceadamhain agat ar do náimhde; dheanfaidh clann-mhac d'athar sléachtú síos rómhat. 9Iúda, is mar coileán leomhain é. Ar thóir na creiche, a mhic, d'imthigh tú suas, (“ón chreich chuaidh se suas”): Ag leigint do scíste duit chrom tú mar an lomhain, agus in a bhain-leomhan cé dhúiseóchas é? 10Ní bainfear an tslat ríoghdha de Iúda, ná ní bainfear an rialú d'á d'á mhása, go dtí o dtaraidh sé siad atá le teacht (‘le cur cugainn’), agus le n-a mbéidh súil-indán na gcine (náisiuin). 11Ag ceangailt a shearraigh do'n bhfíon-ghort, agus a asal, a mhic dh[il] do'n chrann fíneamhna. Nighfidh sé a bhrat (a róbha) san fhíon, agus a chuid éadaigh i bhfuil na gcaor. 12Is áilne a dhá shúil ná dath an fhíona, agus is g[] a chuid fiacal ná an bainne.
13“Deanadh Zabúlon a chómhnaidhe 'chois na fairrge—fa chuanta na long [i] siar fhad le Sidon.
14“Bíodh Issachar 'n-a asal láidir, ag cromú síos eadar na teoranna (idir an dá ualach). 15Chonnacthas dó gur sár-mhaith é an talamh: agus chrom sé a ghual[] do'n ualach (dho'n iomchar), agus bhí sé in a sheirbhíseach fé rí-chain.
16Tabhradh Dan breitheamhnas ar a mhuintir, mar [] le tréibh ar brith eile in Israel. 17Bíodh Dan mar náthair ar an bhealach, agus mar náthair nimhe san chasán, a bhaineanns greim as sáltaí an chapaill, ionnus go dtuitidh an marcach siar ar chúl a chinn. 18Beidh mé i ndóchas le do shlánú, a Thíghearna.
19“Beidh Gad faoi éideadh catha, agus troidfidh sé romhe: agus beidh sé féin faoi éideadh catha a' pilleadh.
20“Aser,—beidh a chuid-se bídh (arán) méith, agus bhearfaidh sé sóghlaistí do righte.
21Nephtalí—eilit gan ceangailt é 's tagann na binn—bhriathra uaidh.
22Is mac acfuinneach Seosamh, mac acfuinneach, agus deas le h-amharc air: Ritheann na mná óga (na níghneacha) anon 'anall ar an bhalla. 23Acht iad siud (fir) a rabh saighde aca, chuir siad cathú air, agus rinne troid leis, agus bhíodar i n-éad leis. 24Acht bhí an neart in a bhógha, agus bhí a ghéaga 's a lámha scaoilte ó chuibhreach, ag an té (Dia) cómhachtach le Iacob: as sin tháinig sé 'n-a aodhaire, cloch Israel. 25Beidh Dia d'athar 'n-a chongantóir agat, agus beannóchaidh an t-Uile-chomhachtóir thú, le beannacht ó neamh thuas le beannacht na bochna thíos, le beannachtaí na gcíoch 's na bruinne. 26Is éifeachtaighe beannachtaí d'athar tré bheannú a shinnsir-se: go dti go dtagaidh dúil agus dóchas na gnoc sior-bhuan chun críche: ar chionn Seosaimh go rabh siad, agus ar chorón an Nazarítigh thar cionn cáich.
27Benjamín,—mar mhac tíre craosach é, a itheas tóradh-na-seilge ar maiden, agus a roinnfeas an chreach tráthnóna.
28'Siad so uile dhá-thréibh-déag Israeil: iad so na néithe gur thrácht a n-athair ortha ag caint leo, agus thug sé a chothrom féin de bheannacht ar gach duine aca.
29Agus chuir se de dhualghas ortha, a rádh: “Tá mé ar tí mo sciobtha ar shiubhal chuig mo mhuintir: cuirigidh ins an uaigh (uaimh) dhúbalta mé, i gcuideachta le mo shinnsir, an uaigh atá i bpáirc Éphroin, an Hethíteach, 30Os cómhair Mhámbre, i gcrích Chanaáin, a cheannuigh Ábraham, chomh maith leis an pháirc, ó Éphron, an Hethíteach, mar roilig dó féin. 31B'annsin chuir siad é féin 's a bhean Sára. B'annsin cuireadh Isaac agus a bhean Rebecca: Is annsin, fosta, tá Lia curtha.” 32— 33 Agus nuair a bhí críochnuighthe aige leis na h-aith-eannta sin, ag tabhairt teagaisc d'á chlann-mhac, chrup sé a chosa aníos sa leabaidh, agus d'imthigh an t-anam as: agus tógadh (sciobadh) chun a mhuinntire féin é.
Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:
Geinis 49: ABNPOD
Ìsàmì-sí
Pín
Daako
Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀
Peadar Ó Dubhda 1943.

: