Geinis 50

50
Brón fa Iacob. A adhlacú. Caan-cháirdeachas Sheosaimh le n-a dh'reathracha. A bhás.
1Nuair chonnaic Seosamh go raibh sé marbh, chaith sé é féin ar ucht (aghaidh) a athar, 'ghá chaoineadh 's 'ghá phógú. 2Agus d'órduigh sé d'á sheirbhíseacha, na liagha, a athair a bhálsamú. 3Agus thóg sé dachad lá le sin a dheanamh, óir b'é sin an gnás le cuirp go ndeantaoi bálsamú ortha, agus do chaoin muintir na h-Éighphte é ar feadh seachtmha lá.
4Agus tráth bhí ré an chaoineacháin thart, labhair Seosamh le teaghlach Pharao: “Má's geanamhail libh mé, cuirigidh focal i gcluais Pharao: 5‘Óir chuir m'atahir d'fhiachaibh orm mo bhriathar móide a thabhairt dó, a rádh: “Féach, tá mé a' fagháil bháis; cuir i m'unigh (féin) mé, a thochail mé dom féin i grích Chanaáin.” Mar sin de, rachaidh mé suas agus cuirfead m'athair, agus pillfead.’” 6Agus arsa Pharao leis: “Suas leat, agus cuir d'athair d'réir mar d'fhág sé ort a dheanamh.”
7D'imthigh sé suas, agus chuaidh na seanóirí uile agus teaghlach Pharao leis, agus gach seanóir de thír na h-Éighphte. 8Agus teghlach Sheosaimh, 's a dh'reathracha, diomuie de na páisdí, agus a gcuid stoc agus tréadaí, a d'fhág siad i gcrích Ghessein. 9Do bhí in a chaideachta, freisin, carbaid aus tiomáinidhthe: agus ba mhór an sluagh é. 10Agus tháinigeadar fhad le urlár an bhuailte, de chuid Átaid, atá suidthe taobh thall de'n Iordán: áit ar chaitheadar seacht lá chaoineadh go fuigheach. 11Agus nuair chonnaic muintir Chanaáin é seo, ars iad: “Is mór an chúis bróin é seo do na h-Éighphtínigh.” Agus d'á chionn sin do tugadh Abel Mizraim .i. ‘Brón na h-Éighphte,’ mar ainm ar an áit sin.
12Ba mar sin rinne clann-mhac Iacoib an rud a d'órduigh sé dóbhtha. 13Agus d'iomchair siad isteach i gcrích Chanaáin é agus chuir san uaigh dhúbhalta é,—a bhí ceann-uighthe ag Ábraham ó Éphron, chomh maith leis an pháirc, mar roilig dó fhéin. 14Agus phill Seosamh agus a d'reathracha, aga[t] gach duine de'n chuideachta, chun na h-Éighphte, tar éis a athair d'adhlacú.
15Agus ó thárla Israel bheith marbh, ghabh eagla a dh'reathracha, agus rinne siad caint eatorra féin: “Le h-eagla go gcuimhneóchadh Seosamh ar an éagchóir a d'fhulaing sé, agus go mbainfeadh sé cúiteamh asainn uilig fa'n olc rinneamar air.” 16Agus chuir siad teachtaireacht chuige a rádh: “Thug d'athair órdú dúinn roimh a bhás, (.i.)— 17‘Go gcuirfimís an méad so uaidh in-iul duit-se: “Guidhim thú dearmad a dheanamh d'olcas do chuid d'reathair, agus de'n pheaca 's de'n fhuath a chleacht siad i do choinne.”’ Guidhimid-ne fosta an t-olc so a mhaithiú ar sheirbhísigh Dé d'athar.” Agus nuair chuala Seosamh é seo, ghol sé. 18Agus tháinig a dh'reathracha chuige: agus ag sléachtú síos ar an talamh (os a chómhair) dubhairt: “Is seirbhísigh duit shinn.” 19Agus d'fhreagair seosamh iad: “Ná bíadh aon eagla oraibh. An féidir linn dhul i n-[aga ] tola Dé? 20Bhí olc agaibh chugam: Acht rinne Dia maitheas de'n olc, le n-A mheas a thaisbeáint domh-sa, fé mar tchí sibh, agus chun go sabhail-fidhe mórán daoine. 21Ná bíodh eagla oraibh: Bhearfaidh mise [chothe] (biadh) díbh féin agus do mbur gcuid páisdí.” Agus thug sé sólás dóbhtha, ag labhairt go c[aoi] ceanamhail leo.
22Agus chómhnuigh sé san Éighphte, i gcuideachta le teaglach iomlán a athar; agus mhair sé an cead agus deich mbliadna. 23 Agus chonnaic sé clann pháisdí Éphraim, go dtí an treas glán Agus do rugadh clann Mhachir, mac Mhanásses ar ghlúnaibh (ar theaglach) Sheosaimh, chomh maith. 24 Agus n-a dhéidh sin d'innis sé do n-a dh'reachrad[] “Tiocfaidh Dia chugaibh tar éis mo bháis, agus cuirfidh sé d'fhiachaibh oraibh imtheacht as an [áit] seo, suas go dtí an chríoch a thug sé do Ábraham, d'Isaac agus do Iacob.” 25 Agus chuir sé ortha, a mbriathar móide a thabhairt dó, a rádh: “Tiocfaidh Dia ch[ugam] tabhairigidh libh mo chorp (mo chnámha) as [a ] áit seo.” 26 Agus d'éag sé, in-aois a chéad agus deich mblian. Agus tar éis a bhalsamú, leagadh síos i gcónoir é, san Éighphte.

Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:

Geinis 50: ABNPOD

Ìsàmì-sí

Pín

Daako

None

Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀