Geinis 48
48
Seosamh ar cuairt ag a athair a bhí tinn. Glacann sé a bheirt mhac mar dhaltaí.
1Tar éis na n-imtheachtaí seo, h-insigheadh do Sheosamh go raibh a athair tinn, agus d'imthigh sé ar a thriall chuige, 's thug leis a bheirt mhac Manasses agus Éphraim. 2Agus dubhradh leis an tsean duine: “Féach! Tá do mhac, Seosamh, ar a bhealach chugat.” Agus thug sin misneach dó, agus d'eirigh sé 'n-a shuidhe san leabaidh. 3Agus nuair bhuail seosamh isteach chuige, ars eisean:
“D'fhoillsigh Dia uile-chumhmachtach é féin do[] ag Luta, atá i gcrích Chanaáin, agus bheannuigh sé mé. 4Agus dubhairt sé (liom): ‘Cuirfidh mé acfuin torthach agus méaduighthe ionnat, agus bhearfaidh [] sliocht mhór duit, agus bhearfad an talamh so duit agus do shliocht do shleachta, mar oighreacht go bráth.’ 5Acht an bheirt mhac atá agat, a rugadh duit i dtír na h-Éighphte sul ar tháinig mé chugat annseo: Béid[] siad agam-sa feasta. Ar Éphraim agus Manasses 's é “Rúben” agus “Símeon” a bhéas mar ainmneacha agam artha. 6Acht, aon chlann beirfear duit in a ndéidh-san, is leat féin iad, agus bhearfar ainmneacha ortha d'réir a nd'reathrach 's a ríoghachta. 7Óir, an tráth d'fhág mé Mesapótamia, do sciob an bás Rachel uaim ar an tslighe, agus ba inEarrach na bliadna thárla sé: agus bhí mise ar mo bhealach go dtí Éphráta. Agus d'adhailc mé í le taobh an bhealaigh mhóir go h-Éphráta, ar a dtugtar freisin ‘Bethel’.”
8Nuair chonnaic sé beirt mhac Sheosaimh, arsa seisean: “Ga h-iad seo?” 9D'fhreagair Seosamh: “'Siad mo bheirt mhac iad, a thug Dia dom san áit seo.” Agus ars eisean: “Cuir aniar chugam iad, no go dtugaim mo bheannacht ortha.” 10De bhrigh go rabh radharc na súl lag ag Israel, le sean-aois, cha rabh an t-amarc go ró-mhaith aige. Agus nuair tugadh aniar chuige iad, phóg sé iad 's thug barróg dóbhtha, 11Agus ars é le n-a mhac: “Níl sé ceilte orm thú d'fheicsint; go deimhin, b'é Dia a thug dom do shiocht (síol) a fheiceal.” 12Agus nuair thug Seosamh leis iad as ucht a athar, chrom sé síos 's thug a aghaidh ar an talamh.
13Agus chuir sé Éphraim ar thaobh na láimhe deise de .i. ar thaobh na láimhe clé d'Israel; acht do chuir sé Manasses ar thaobh na láimhe clé de .i. ar dheis d'atthair, agus bhog isteach chuige iad. 14Acht shín seisean a lámh dheas amach 's leag ar chionn Éphraim í .i. an d'reathair a b'óige; agus an lámh chlé ar Mhenasses, an d'reathair ba shine—ag áthrú na lámh dó. 15Agus bheannuigh Iacob (beirt) mhac Sheosamh, agus dubhairt:
“Do mbeannuighidh Dia iad; Dia, ar shiubhail m'atharacha Ábraham agus Isaac in a radharc; Dia a chothuigh mé ó m'óige go dtí an lá atá indiu ann:
16Go mbeannuighidh m'aigeal coimheadtha na buacaillí seo, an t-aingeal a chomhead a'r gach olc mé:
Agus tugtar m'ainm-se agus ainmneacha m'atharach Ábraham agus Isaac ortha; Agus go méaduighthear in a líon sluaigh ar an domhan iad.”
17Agus bhí díombaidh agus mío-shásamh ar Seosamh toisc gur ar Éiphraim a leag a athair a lámh dheas. 'S bheir sé ar láimh a athar 's rinne iarracht í a thógáil ó chionn Éphraim. Agus a chur ar chionn Mhanasses. 18Agus ars é le n'athair: “Ní ceart é seo, a athair; óir seo é mo chead mhac, leag do lámh dheas ar a chionn-sa.” 19Dhiultuigh seisean sin a dheanamh, a rádh: “Tá 'fhios agam, a mhic, tá 'fhios agam. Agus fásfaidh sé seo in a chinidh freisin, agus méadóchar é. Acht beidh a dh'reathair óg níos cómhachtaghe ná é; agus fásfaidh cineacha as a shíol.” 20Agus le sin bheannuigh sé iad, a rádh:
“Beannuóchar Israel ionaibh-se Dia duit fé mar ghnothuigh sé d'Éphraim agus do Mhanásses.”
Agus chuir sé Éphraim ar tosach roimh Manásses.
21Agus ars eisean le n-a mhac Seosamh: “Féach! Tá an bás orm, agus beidh Dia i bhfochair leat, agus bhearfaidh sé (slán) ar ais go dtí críoch do shinnsir thú. 22Bhearaim roinnt sa bhreis duit-se thar mar tá ag do dh'reathracha—a ghabh mé ón Amorrhíteach, le neart mo chlaidhim 's mo bhógha.”
Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:
Geinis 48: ABNPOD
Ìsàmì-sí
Pín
Daako
Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀
Peadar Ó Dubhda 1943.

: