Geinis 37
37
Aisling Seosaimh: Díoltar é, agus fuaduightear ar shiubhal isteach san Éighphte é.
1Agus chomhnuigh Iacob i gcríoch Chanaáin, an áit in ar áitrigh a áthair.
2Agus seo a gheinealaigh.
Nuair a bhí Seosamh sé bliadna déag ar aois bhí sé a' buachailleacht a chuid tréad, i gcuideachta le n-a dh'reathracha, a agus é in a stócach: agus bhí sé i gcuideachta le mic Bhala agus Zhelpha, beirt bhan a athar. Agus chuir sé i n-iul d'á athair coir mhalluighthe bheith deanta ag n-á dh'reathracha. 3Gan amhras, b'é Seosamh an mac a b'annsa le Israel d'á chlann-mhac uilig, de bhrigh gur rugadh dó eisean an tráth bhí sé fhéin in a shean-fhear aosta: agus rinne sé cóta dó a rabh a lán dathanna ann. 4Agus nuair chonnaic na d'reathracha gur bh'annsa le n-á n-athair éisean ná duine ar bith aca-san, tháinig fuath aca dó, agus ní labhradh siad go deas síothchánta leis.
5Bhail, thárla fosta, gur innis sé do, n-a dh'reathracha fa bhrionglóid a bhí aige: a mhéaduigh an fuath do bhí aca dó. 6Agus ars eisean leo: “Tabhairigidh cluas do'n bhrionglóid a bhí agam. 7Tógadh domh go rabhamar ag ceangailt punnán ins anghort, agus d'eirigh an punnán agamm-sa, mar deirfeá, in a sheasamh, agus na punnáin agaibh-se a bhí n-a seasamh, gur chrom siad-san síos a dh'úmhlú do mo phunnán.” 8Thug a dh'reathracha freagra air: “'Mbéidh tusa i do righ orainne? No an gcaithfimidne bheith faoi smacht do rialuighthe?” Mar sin de, rinne anchainnt seo ar na brionglóidí an scéal ní ba mheasa eatorra—, mhéaduigh sé an éad agus an fuath aca-san.
9Bhí brionglóid eile aige freisin, a d'inns sé do n-a chuid d'reathair, a rádh: “Chonnaic mé, in-aisling, mar bheadh an ghrian, agus an ghealach, agus aon-réalt-déag agus iad ag úmhlú (adhrú) dom.” 10Agus nuair a d'innis sé sin d'á athair 's d'á dh'reathracha, labhair a athair go géar leis, a rádh: “Caidé is ciall do'n aisling seo a bhí agat? An gcaithfidh mse agus do mháthair agus do dh'reathracha úmhlú duit-se ar an talamh?” 11Tháinig éad ar na d'reathracha dó ar a shon sin: chat rinne an t-athair smaoiteadh dó fhéin a an rud.
12Agus an t-am chómhnuigh a dh'reathracha i Sichem, a' tabhairt aire do thréada a n-athar, 13Arsa Israel leis: “Tá do dh'reathracha a' tabhairt aire do na caoirigh i Sichem. Féach, cuirfidh mé thusa anon chua.” Agus nuair d'rhreagair seisean: 14“Tá mé réidh.” Dubhairt sé leis: “Ar shiubhal leat, agus féach an bhfuil gach rud i gceart ag do dh'reathracha agus ag an eallach. Agus tabhair scéala ar ais chugam caidé mar 'tá aca.” Agus ar n-a chur ar shiubal as gleann Hébron dó, thámigh sé go dtí Sichem. 15Agus fuair fear éigin annsin é, agus é ar seachrán ins an machaire, agus d'fhiafruigh, de caidé bhí sé 'á chuartú. 16Acht d'fhreagair seisean: “Tá mé ag cuartú mo dh'reathrach, innis domhcha h-áit a bhfuil siad a' tabhairt aire do na tréadaí.” 17Agus ars an fear leis: “D'fhág siad [o'n] áit seo, óir chuala mé iad a rádh, ‘Téighimís chuige Dothain.’” Agus d'imthigh Seosamh i ndiaidh a dh'reathrach, agus fuair sé i nDothain iad.
18Agus tráth chonniac siad i bhfad uatha é, agus é ar a thriall chuca, sul má tháinig sé i bhfogus dóbhtha, chinn siad ar é a chur chun báis. 19Agus ars 'n duine aca leis an duine eile: “Féach fear na n-aisling a' teacht. 20Seo! Cuirimís chun báis é, agus tligfimid isteach i sean-díg intean é, agus deirfimid d'alp ollphéist éigin é. Agus annsin bíodh a chruthú aige fa n-a chuid aisling.” 21Acht nuair a chualadh Rúben é seo, chinn sé ar é a chabháil ó n-a lámhaibh. Agus ars é: 22“Na cuirigidh chun báis é, 's ná dóirtigidh aon [deor] d'á chuid fola. Acht tsligthear é isteach san díg seo atá ins an bhfásach.” Agus coinnigidh bhur lámha glan. Dubhairt sé seo ag dúil le é a shaorú as a lámha-san agusé a thabhairt ar ais chuige n-a athair.
23Agus chomh luath 's shrois sé a dh'reathracha, bhain siad an cóta mór ioldaithte de gan aon mhoill, 24agus thlig isteach é i sean-díg a bhí gan uisce inntí.
25Agus nuaire shuidh siad síos le greim aráin a ithe, chonnaic siad scaifte de na h-Ismaelítigh a teacht ar a dtriall ó Ghalaad, le n-a gcamélibh ag iomchar spíosraí agus íce (balm) agus miorrh go dtí an Éighphte. 26Agus ars Iúda le n-a dh'reathracha: “Ca tairbhe dúinn ár nd'reathair do mharbhú agus a chuid fola a cheilt?” 27B'fearr é a dhíol leis na h-Ismelítigh, agus gan ár lámha a smálú. Óir is é ár ndreathair agus ár bhfeoil féin é.” D'aontuigh a dh'reathracha leis 'sna focla sin. 28Agus nuair d'imthigh na Ceannaidhthe Mhadianíteacha thart, tharraing siad amach as an díg é, agus dhíol siad leis na h-Ismaelítigh é a fhiche píosaí airgid. Agus threoirigh siad isteach san Éighphte é.
29Agus ar philleadh do Rúben go dtí an díog ní raibh an stócach le fagháil ann. 30Stroic sé a chuid éadaigh agus chuaidh chuig n-a dh'reathracha agus arsa é: “Níl an stócach le feiceal, 's cá rachaidh mé?”
31Agus thóg siad a chóta, agus thum isteach é i bhuil mheannáin a bhí marbh aca. 32Agus chuir siad cupla duine le é a thabhairt chuig a n-athair, 33Agus d'aithnigh an t-athair é, agus dubhairt: “Is é cóta mo mhic é, d'alp beitheach allta craosach éigin é, tá Seosamh ithte ag ollphéist.” 34Agus stroic sé a chuid éadaigh de, agus chuir sacán-éadaigh air féin, agus chaith tamall maith é, i mbrón-chuimhne ar a mhac. 35Agus chruinnigh a chlann uilig le sólás a thabhairt do n-a n-athair san chaill agus brón, acht ní ghlacfadh sé le sólás ar bith, acht dubhairt: “Rachaidh mé síos chuig mo mhac i n-ifrinn (limbó) faoi bhrón.” Agus fhad 's lean sé do'n chaoineadh.
36Do dhíol na Madianítigh Seosamh san Éighphte le Pútiphar, oifigeach (eunach) Pharao, captain na saihdiuirí.
Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:
Geinis 37: ABNPOD
Ìsàmì-sí
Pín
Daako
Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀
Peadar Ó Dubhda 1943.

: