Geinis 32

32
Tchí Iacob aingle, tré aisling. Teachtaracht agus bronntaisí chuig Esau. A chorraidheacht le aingeal.
1Dímthigh Iacob agus lean ar a thriall, agus casadh aingle Dé dhó (leis). 2Agus nuair chonnaic sé iad, ars é: “Is iad seo campaí Dé,” agus thug sé Mahanaim mar ainm ar an áit sin, 'Sé sin—“Campaí.”
3Agus chuir sé teachtairí amach roimhe chuig Ésau, a dh'reathair, go dtí dúithche Sheir, atá i gcríoch Édoim, 4agus thug órdú dóibh, a rádh: “Mar seo labhairfeas sibh le mo thighearna Ésau, ‘Deir do dh'reathair Iacob: “Chaith mé seal aimsire le Labán, agus bhíos leis go dtí an lá indiu. 5Tá daimh agam, agus asail, agus caoirigh, agus fir freasdala, agus mná freasdala, agus cuirim teachtaracht anois chuig mo thighearna, a' súil go bhfuighidh mé uait gean agus grásta.”’”
6Agus phill na teachtairí ar ais chuig Iacob, a rádh: “Chuadhamar chuig Esau, do dh'reathair, agus féach, tá sé a' teacht chugat gan mhoill, agus ceithre céad fear leis.” 7Do ghabh eagla mhór Iacob, agus de bharr na h-eagla sin. Roinn sé daoiní a bhí leis, in a ndá scaifte, agus na tréada, agus na caoirigh, agus na daimh, agus na caiméil. 8A rádh: “Má thig Ésau ar scaifte amháin aca, agus é sin a scriosú, éolochaigh an scaifte eile a bhéas slán.” 9Agus arsa Iacob: “A Dhia m'athar Ábraham, agus a Dhia m'athar Isaac, A Thighearna a dubhairt liom, ‘Pill chun do thíre féin, agus d'áit dhúthchais, agus bhearfaidh mise aire duit,’ 10Ní fiu mise an chuid is lugha de do thrócairí uile, ná de d'fhírinne atá coimhlíonta agat do do sheirbhíseach, le mo bhata thriall mé thar an Iordan so; agus anois tá mé a' pilleadh agus dhá scaifte (buidhean) liom. 11Saoirigh mé ó láimh mo dh'reathar Ésau, óir tá eagla mhór orm roimhe, d'eagla go dtiocfadh sé, agus an mháthair a chur chun báis maille leos na páisdí. 12Dubhairt tú go dtabharfá aire mhaith dom, agus go méadóchthá mo shíol amhail gaineanh na fairrge, nach féidir a líonmharacht a chunntas.”
13Agus iar codladh na h-oidhche sin a dheanamh dó san áit sin. Chuir sé roinnt d'á raibh aige ar leath-taobh mar bhronntaisí d'á dh'reathair Ésau: 14Dhá chéad gabhar baininne, fice pucán, dhá chéad uascán, agus fiche reithe, 15triocha caimél bhainne le n-a gcuid bromach, ceathracha bó agus fiche tarbh, fiche asal bainine, agus deich gcinn d'á gcuid searrach.
16Agus chuir sé (chuige) faoi chúram a chuid seirbhíseach iad, gach tréad leis fhéin, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseacha: “Gabhaigidh rómham sa tslighe, agus bíodh spás (tamall) eadar tréad agus tréad.” 17Agus thug sé órdú do'n chead fhear, a rádh: “Má castar ort mo dh'reathair Ésau, agus go bhfiafruigheann sé díot, ‘Cé thusa? no—Cá bhfuil do thriall? No—Cé leis iad seo atá rómhat?’ 18tabhair thusa an freagra, ‘Is le do sheirbhíseach Iacob iad. Chuir sé mar bhronntanas iad chuig mo thighearna Ésau, agus tá sé féin a' teacht n-ár ndéidh.’” 19Thug sé órdú mar sin fosta do'n dara fear agus do'n tríomhú fear, agus do gach fear de na tréadaidhthe, a rádh: “Abraigidh na focla ceanan céadna le Ésau, nuair castar oraibh é. 20Agus abraigidh fosta, ‘Tá do sheirbhíseach Iacob fhéin a' teacht 'n-ár ndiaidh.’” Óir dubhairt sé: ‘Bhearfad sásamh dó leis na bronntaisí atá curtha rómhan chuige, agus 'n-a dhéidh sin tchífidh mé é, agus b'fhéidir go mbeadh sé sásta liom féin.’ 21Agus cuireadh na bronntaisí a aghaidh roimhe, acht chuir sé fhéin faoi san champa an oidhche sin.
22Agus d'eirigh sé go luath ar maidin, 's thug leis a bheirt bhan-chéile, agus a bheirt bhan-freasdala, i gcuideachta le n-a aon-mhac-déag, agus d'imithigh thar áth Iacoib anon. 23Agus nuair tugadh anon gach rud arbh leis iad.
24D'fhan sé-a aonar; agus féach! Bhí fear a' corraidheacht leis go maidin. 25Agus nuair mhothuigh sé nach raibh se ábalta é a threasgairt, bhain sé greim as feitheóig a mhása, agus ar a bpoinnte sin chúib sé. 26Agus ars eisean leis: “Scaoil amach mé, tá bánú lae ann.” D'fhreagair sé: “Ní scaoilfidh, (no) go dtí go mbeannóchaidh tú mé.” 27Agus ars eisean: “Cad is ainm duit?” D'fhreagair sé: “Iacob.” 28Acht ars eisean: “Ní Iacob glaodhfar ort (feasta) acht Israel, óir má bhí tú láidir in-aghaidh Dé, nach láidre bhéas tú i n-aghaidh daoine?” 29D'fhiafruigh Iacob de: “Innis dom, caid é an t-ainm glaodhtar ort?” D'fhreagair seisean: “Cad chuige fhiafuigheann tú díom?” Agus thug sé a bheanacht dó annsin—ins an áit sin. 30Agus thug Iacob Phanuel mar ainm do'n áit, a rádh: “Chonnaic mé Dia, aghaidh-ar-aghaidh, agus tá m'anam slán.”
31Agus le sin d'eirigh an ghrian agus shoillsigh sí anuas air, nuair a bhí Phanuel fágtha ar gcúl aige, acht bhí sé bacach san choisidheacht. 32D'á bhrigh sin ní itheann clann Isréil go dtí an lá atá indiu ann, aon fheitheóg, a chúib i mása Iacoib, óir bhain sé greim as feitheóig a mhása agus chúib sé.

Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:

Geinis 32: ABNPOD

Ìsàmì-sí

Pín

Daako

None

Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀