1
Geinis 32:28
Leabhar na nGeinealach 1943 (Peadar Ó Dubhda)
ABNPOD
Acht ars eisean: “Ní Iacob glaodhfar ort (feasta) acht Israel, óir má bhí tú láidir in-aghaidh Dé, nach láidre bhéas tú i n-aghaidh daoine?”
Ṣe Àfiwé
Ṣàwárí Geinis 32:28
2
Geinis 32:26
Agus ars eisean leis: “Scaoil amach mé, tá bánú lae ann.” D'fhreagair sé: “Ní scaoilfidh, (no) go dtí go mbeannóchaidh tú mé.”
Ṣàwárí Geinis 32:26
3
Geinis 32:24
D'fhan sé-a aonar; agus féach! Bhí fear a' corraidheacht leis go maidin.
Ṣàwárí Geinis 32:24
4
Geinis 32:30
Agus thug Iacob Phanuel mar ainm do'n áit, a rádh: “Chonnaic mé Dia, aghaidh-ar-aghaidh, agus tá m'anam slán.”
Ṣàwárí Geinis 32:30
5
Geinis 32:25
Agus nuair mhothuigh sé nach raibh se ábalta é a threasgairt, bhain sé greim as feitheóig a mhása, agus ar a bpoinnte sin chúib sé.
Ṣàwárí Geinis 32:25
6
Geinis 32:27
Agus ars eisean: “Cad is ainm duit?” D'fhreagair sé: “Iacob.”
Ṣàwárí Geinis 32:27
7
Geinis 32:29
D'fhiafruigh Iacob de: “Innis dom, caid é an t-ainm glaodhtar ort?” D'fhreagair seisean: “Cad chuige fhiafuigheann tú díom?” Agus thug sé a bheanacht dó annsin—ins an áit sin.
Ṣàwárí Geinis 32:29
8
Geinis 32:10
Ní fiu mise an chuid is lugha de do thrócairí uile, ná de d'fhírinne atá coimhlíonta agat do do sheirbhíseach, le mo bhata thriall mé thar an Iordan so; agus anois tá mé a' pilleadh agus dhá scaifte (buidhean) liom.
Ṣàwárí Geinis 32:10
9
Geinis 32:32
D'á bhrigh sin ní itheann clann Isréil go dtí an lá atá indiu ann, aon fheitheóg, a chúib i mása Iacoib, óir bhain sé greim as feitheóig a mhása agus chúib sé.
Ṣàwárí Geinis 32:32
10
Geinis 32:9
Agus arsa Iacob: “A Dhia m'athar Ábraham, agus a Dhia m'athar Isaac, A Thighearna a dubhairt liom, ‘Pill chun do thíre féin, agus d'áit dhúthchais, agus bhearfaidh mise aire duit,’
Ṣàwárí Geinis 32:9
11
Geinis 32:11
Saoirigh mé ó láimh mo dh'reathar Ésau, óir tá eagla mhór orm roimhe, d'eagla go dtiocfadh sé, agus an mháthair a chur chun báis maille leos na páisdí.
Ṣàwárí Geinis 32:11
Ilé
Bíbélì
Àwon ètò
Àwon Fídíò