Na Sailm 94

94
Salm 94.
Deus ultionum.
1A Thiarna Dia, ós fút a fhágtar an díoltas: a Dhia, a bhfágtar an díoltas fút, bí do do thaispeáint féin dúinn.
2Éirigh, a bhreithimh an domhain: agus tabhair a dhíol cúitithe do dhrong an díomais.
3A Thiarna, ca fhad a bheidh lucht an droch‑chroí: ca fhad a bheidh lucht an droch‑chroí ag maíomh a mbua;
4Ca fhad a bheidh an chaint dhímheasúil seo ag lucht uile na míghníomhartha: agus a dhéanfaidh siad mórtas uaibhreach?
5Tugann siad do phobal anuas, a Thiarna: agus buaireann siad dʼoidhreacht.
6Dúnmharaíonn siad an bhaintreach agus an coimhthíoch: agus cuireann siad an dílleachta chun báis.
7Agus ina dhiaidh sin deir siad, Seo, seo, ní fheicfidh an Tiarna é: ná ní thabharfaidh Dia Iácóib é dá aire.
8Tugaigí aire, a bhfuil gann i gciall i measc na ndaoine: a amadáin, ca huair a dtuigfidh sibh?
9An té a chuir cluasa ort, nach gcluinfidh sé: nó an té a chum an tsúil, nach bhfeicfidh sé?
10Nó an té a smachtaíos na págánaigh: ós é a mhúineas eolas don duine, nach mbeidh sé ag aifirt?
11Is fiosach don Tiarna smaointe an duine: nach mbíonn iontu ach díomhaointeas.
12Is aoibhinn don duine a gcuireann tú smacht air, a Thiarna: agus a fhaigheann teagasc uait i dtaobh do dhlí;
13Go dtuga tú foighne dó in am an bhuartha: go dtí go dtochailtear an poll le aghaidh an drochdhuine.
14Óir ní chlisfidh an Tiarna ar a phobal: ná ní thréigfidh sé a oidhreacht féin.
15Óir gheobhaidh an fhíréantacht a ceart arís go fóill: agus beidh lucht uile an chroí fhír ar a lucht leanúna.
16Cé a éireos amach liom in aghaidh lucht an oilc: cé a bheas ar mo thaobh in éadan lucht na míghníomhartha?
17Murab é gur chuidigh an Tiarna liom: níl amhras ná go gcuirfí mʼanam ina thost.
18Ach nuair a dúirt mé, Tá mo chos ag imeacht as fúm: bhí do thrócaire, a Thiarna, ag cur taca liom.
19Dá mhéid é an brón a bhí ar mo chroí: bhí do shóláis ag neartú lem anam.
20An nglacfaidh tú páirt le cathaoir na claonbhreithe: a mbíonn an urchóid á cumadh aige de réir an dlí?
21Bíonn siad ag slógadh in aghaidh anama anfhíréin: agus ag daoradh na fola neamhchiontaí.
22Ach is é an Tiarna mo dhídean: is é mo Dhia neart mo dhóchais.
23Cúiteoidh sé a n‑urchóid leo, agus scriosfaidh sé lena n‑olc féin iad; is deimhin go scriosfaidh ár dTiarna Dia iad.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 94: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔