Na Sailm 95

95
Salm 95.
Venite, exultemus.
1Téanam go gcanaimid don Tiarna: go líona cumhacht ár slánaithe ár gcroí dʼáthas.
2Tagaimis ina láthair le haltú: taispeánadh ár sailm ár lúcháir roimhe.
3Óir is Dia mór an Tiarna: agus is Rí mór os cionn na ndéithe go léir é.
4Is ina láimh atá cuasa uile an talaimh: agus is leis mar an gcéanna cumhacht na gcnoc.
5Is leis an mhuir, agus is é a rinne í: is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh.
6Téanam go n‑adhraimid agus go n‑umhlaímid: agus go bhfeacaimid glún roimh an Tiarna a chruthaigh sinn.
7Óir is é an Tiarna é, ár nDia féin: agus is é atá ionainn, pobal a pháirce, agus caoirigh a láimhe.
8Más inniu a éistfeas sibh lena ghlór, ná cruaigí bhur gcroí: mar tharla in am fadaithe na feirge, agus an lá a cuireadh an cathú air san fhásach.
9Nuair a chuir bhur sinsear cathú orm: nuair a dhearbhaíodar mé aʼs a chonaiceadar mʼfhearta.
10Is ar feadh daichead bliain bhí mé do mo chrá ag an nglúin seo: go dtí go ndúirt mé: Is ag an bpobal seo atá an croí claon, ó nach eol dóibh mo shlite.
11Gur mhionnaigh mé dóibh im fhearg: nach ligfí iad isteach i mo shuaimhneas‑sa.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 95: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔