YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 93

93
Salm 93.
Dominus regnavit.
1Is é an Tiarna is Rí, chuir sé air éadaí na glóire: chuir an Tiarna air a éadaí, agus chrioslaigh sé é féin le cumhacht.
2Dhaingnigh sé suí na cruinne: go nach féidir a corraí.
3Ó thús an domhain tá do chathaoir ullmhaithe: is ón síoraíocht atá tú ann.
4Dʼéirigh na tuilte, a Thiarna, dʼardaigh na tuilte a nglór: ardaíonn na tuilte a dtonnta.
5Dá thréine iad tonnta na farraige, agus dá uafásaí a mire: is tréine ná iad an Tiarna, a bhíos ina chónaí in Airde.
6Níl ní is cinnte, a Thiarna, ná dʼfhianaisí: beidh an naofacht go deo ag teacht do do theach.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 93: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔