Na Sailm 92
92
Salm 92.
Bonum est confiteri.
1Is maith an ní é buíochas a thabhairt leis an Tiarna: agus moladh dʼAinm a sheinm, a Dhia is Airde.
2Bheith ag insint do charthanachta grámhaire ar moch maidine: agus dʼfhírin ne i dtráth na hoíche;
3Ar uirlis deich dtéad, agus ar an liúit: ar ghléas ardcheoil agus ar an gcláirseach.
4Óir is tú, a Thiarna, a chuir lúcháir orm led oibreacha: agus is orm a bheidh an t‑áthas thú a mholadh as gníomhartha do lámh.
5A Thiarna, cad é chomh glórmhar led oibreacha: is domhain as cuimse iad do smaointe.
6Ní thugann duine díchéillí sin dá aire: ní mó a thuigeann amadán é.
7Nuair a bhíonn lucht an oilc chomh húrghlas leis an bhféar, agus nuair a bhíonn lucht cleachtaithe na hurchóide go léir faoi bhláth: is ansin a bhíos scrios síoraí i ndán dóibh.
8Ach is tú, a Thiarna: is tú go brách an Té is Airde.
9Óir is é an scrios atá i ndán do do naimhde, a Thiarna, is é atá i ndán do do naimhde: agus tiocfaidh milleadh ar lucht cleachtaithe na hurchóide.
10Ach ardófar mo bheannsa mar bheann aonadharcaigh: ó hungadh mé le hola úr.
11Feicfidh mo shúil fós a mian ar mo naimhde: agus cluinfidh mo chluas a rogha rud i dtaobh na ndrochdhaoine a éiríos im aghaidh.
12Beidh fás na pailme faoi an bhfíréan: agus leathnóidh sé mar chéadras ar Shliabh Liabháin.
13Na crainn a cuirtear i dteach an Tiarna: beidh rath orthu i dteach ár nʼDé.
14Méadóidh a dtoradh ag dul in aois dóibh: agus is iad a bheas téagrach folláin.
15Go dtaispeánfaidh siad chomh fíor agus bhíos an Tiarna, mo chumhacht: agus nach mbíonn neamhfhíréantacht dá laghad ann.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 92: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965