Na Sailm 91

91
Salm 91.
Qui habitat.
1Cibé a mhaireann faoi chumhdach an Té is Airde: fanfaidh sé faoi scáil an Uilechumhachtaigh.
2Déarfaidh mé leis an Tiarna, Is tú mo dhóchas, agus mo dhaingean: mo Dhia, is as a bheidh mo mhuinín.
3Óir fuasclóidh sé thú ó dhol an fhiagaí: agus ón bplá urghránna.
4Cosnóidh sé faoina sciatháin thú, agus ní baol duit faoina chleití: beidh a dhílseacht agus a fhírinne agat mar sciath agus mar dhídean.
5Ní heagal duit an t‑uafás a bhíos ag siúl san oíche: ná an saighead a eitlíos sa lá.
6Ní heagal duit an phlá a shiúlas sa dorchadas: ná an aicíd a dhéanas scrios i lár an lae.
7Titfidh míle le do thaobh, agus deich míle ar do láimh dheas: ach ní thiocfaidh sé i do chomhair.
8Feicfidh tú go deimhin le do shúile féin é: féachfaidh tú ar a gcúiteofar le fear an oilc.
9Óir is tú, a Thiarna, mo dhóchas: is ró‑ard a chuir tú do theach cosanta.
10Dochar ní tharlóidh duit: ná ní thiocfaidh plá de chomhair do thí.
11Óir ordóidh sé dá aingil i do thaobh: bheith do do chumhdach gach bealach dá mbíonn tú.
12Iompróidh siad ar a mbosa tú: ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.
13Siúlfaidh tú ar an leon agus ar an nathair nimhe: satlóidh tú an coileán leoin agus an dragan faoi do chosa.
14De bhrí gur thug sé grá dom, dá bhrí sin beidh mé á fhuascailt: ardóidh mé é, ó dob aithnid dó mʼAinm.
15Glaofaidh sé orm, agus éistfidh mise leis: is deimhin go mbím ina láthair i mbuaireamh; fuasclóidh mé é, agus onóróidh mé é.
16Tabharfaidh mé dó a shásamh de fhad saoil: agus taispeánfaidh mé mo shlánú dó.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 91: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔