Na Sailm 79
79
Salm 79.
Deus, venerunt.
1A Dhia, tá na págánaigh i ndiaidh teacht isteach id oidhreacht: tá do theampall naofa truaillithe acu, agus carn cloch déanta acu de Iarúsalem.
2Tá coirp mharbha do sheirbhíseach tugtha acu mar bhia do éin an aeir: agus feoil do naomh do bheithígh allta na tíre.
3Tá a bhfuil doirtithe acu mar uisce ar gach taobh de Iarúsalem: agus gan duine ann lena gcur san uaigh.
4Rinneadh náire os ard dínn dár naimhde: táimid mar dhímheas agus mar ábhar gáire ag a mbíonn már dtimpeall.
5A Thiarna, ca fhad a bheidh fearg ort: an ndóifidh dʼéad mar thine go deo?
6Doirt amach dʼfhearg ar na págánaigh nár aithin tú: agus ar na ríocht a nár ghlaoigh ar dʼAinm.
7Óir tá Iácób slogtha acu: agus fásach déanta acu dá áit chónaithe.
8Ná cuimhnigh ar ár seanpheacaí, ach déan trócaire orainn in aiciorracht: óir táimid in umar na haimiléise.
9Cuidigh linn, a Dhia ár slánaithe, as ucht glóire dʼAinme: fuascail sinn, agus bí trócaireach dár bpeacaí, as ucht dʼAinm.
10Cad chuige a ndeireann na págánaigh: Cá bhfuil a nDia siúd anois?
11Ná bíodh fuil do sheirbhíseach a doirteadh gan éiric: á baint amach go follas i measc na bpágánach, agus sinne á fhéachaint.
12Tagadh osnaí bróin na bpríosúnach i do láthair: de réir méid do chumhachta, saor an dream a bhfuil an bás i ndán dóibh.
13Agus an aithis a thug ár gcomharsana duit: cúitigh leo í, a Thiarna, faoi sheacht isteach ina mbrollach.
14Is amhlaidh a bheidh sinne, do phobal, caoirigh do pháirce, ag tabhairt buíochais leat go deo: agus beimid do do mholadh os ard ó ghlúin go glúin.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 79: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965