Na Sailm 80
80
Salm 80.
Qui regis Israel.
1Éist, a Aoire Iosrael, a threoraíos Iósaf mar thréad: taispeáin thú féin freisin, ó shuíonn tú ar na Cearúibím.
2Os comhair Ephráím, Beniamín, agus Manasses: múscail do chumhachta, agus tar do chur tarrthála orainn.
3Iompaigh sinn arís, a Dhia: nocht solas do ghnúise, agus slánófar sinn.
4A Thiarna Dia na slua: ca fhad a bheidh fearg ort le do phobal, agus iad ag guí?
5Beathaíonn tú iad le harán na ndeor: agus tugann tú an iomad deor dóibh le hól.
6Tá ábhar imreasáin déanta agat dínn dár gcomharsana: agus is dímheasúil a bhíonn ár naimhde ag magadh fúinn.
7Tabhair orainn filleadh arís, a Thiarna Dia na slua: taispeáin solas do ghnúise, agus slánófar sinn.
8Thug tú an chraobh fhíniúna amach as an Éigipt: chaith tú amach na págánaigh, go ndearna tú í a phlandáil.
9Réitigh tú an bealach roimpi: agus nuair a chuir sí a fréamhacha síos, líon sí an tír.
10Bhí na cnoic cumhdaithe lena scáil: agus bhí a géaga mar chrainn bhreátha céadrais.
11Shín sí a craobhacha chun na farraige: agus a géaga chun na habhann.
12Cad chuige ar leag tú a claí: go mbíonn lucht siúil an bhóthair ag baint a caor fíniúna?
13Bíonn torc allta na coille á tochailt: agus beithígh allta an mhachaire á hithe.
14Fill orainn arís, a Thiarna na slua, féach anuas ó neamh: tabhair amharc agus cuairt ar an gcraobh fíniúna seo;
15Agus dála ionaid an fhíonghoirt a cuireadh le do láimh dheas: agus dála na géige a rinne tú chomh láidir sin duit féin.
16Dódh le tine í, agus gearradh anuas í: agus tugann bagairt do ghnúise a mbás siúd.
17Beireadh do lámh ar fhear do láimhe deise: agus ar mhac an duine, a rinne tú chomh láidir sin duit féin.
18Má dhéanann tú amhlaidh, ní rachaimid ar gcúl uait: lig ár mbeo linn, agus glaofaimid ar dʼAinm.
19Tabhair orainn filleadh arís, a Thiarna Dia na slua: taispeáin solas do ghnúise, agus slánófar sinn.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 80: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965