Na Sailm 78
78
Salm 78.
Attendite, popule.
1Éistigí le mo dhlí, a phobail liom: claonaigí bhur gcluasa do bhriathra mo bhéil.
2Fosclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéal: foilseoidh mé seanráite ársa.
3A chualamar agus ar ar chuireamar eolas: agus a dʼinis ár n‑aithreacha dúinn:
4Ionas nach gceilfimis iad ar chlann na nglún a thiocfas: ach ag foilsiú onóra an Tiarna, agus na hoibreacha móra iontacha atá déanta aige.
5Rinne sé conradh le Iácób, agus thug sé dlí dʼIosrael: agus dʼordaigh sé dár n‑aithreacha a theagasc dá gclann.
6Go mbʼfheasach é dá sliocht: agus don chlann nár saolaíodh go fóill;
7Ar mhodh nuair dʼfhásfaidís aníos: go dtaispeánfaidís é dá gclann;
8Ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia: agus gan oibreacha Dé a dhearmad, ach a aitheanta a chomhlíonadh;
9Agus gan bheith mar a sinsear, a bhí ina nglúin mhídhílis, chruamhuincálach: glúin nár shuigh a gcroí mar ba cheart, agus nár chloigh a sprid go buan le Dia.
10Mar chlann Ephráím: a bhí in éide catha, ag iompar boghanna, agus a thiontaigh a gcúl i lá an chatha.
11Níor choinníodar conradh Dé: níor thoilíodar siúl de réir a dhlí;
12Ach dhearmaid siad a ndearna sé: agus na hoibreacha iontacha a thaispeáin sé ar a son.
13Rinne sé nithe iontacha i súile ár sinsir, i dtír na hÉigipte: i machaire Shóáin.
14Rinne sé dhá leath den fharraige, gur lig dóibh dul eatarthu: chuir sé na huiscí ina seasamh ina gcarn.
15Threoraigh sé iad le néal i rith an lae: agus ar fuaid na hoiche le solas tine.
16Scoilt sé clocha crua an fhásaigh: gur thug sé dóibh le hól astu, mar bheadh as an doimhneacht mhór.
17Thug sé uiscí as an gcarraig chloiche: gur sciord siad amach mar na haibhneacha.
18Ach i ndiaidh ar tharla ba mhó a pheacaíodar ina éadan: ag cur cathuithe san fhásach ar an Té is Airde.
19Chuireadar cathuithe ar Dhia ina gcroí: agus dʼiarradar a mian den bhia.
20Labhraíodar fós in aghaidh Dé, á rá: An bhfeisteoidh Dia clár san fhásach?
21Is fíor gur bhuail sé an charraig chloiche, gur sciord na huiscí amach, agus gur rith na sruthanna aisti: ach an féidir leis fós arán a thabhairt, nó feoil a sholáthar dá phobal?
22Nuair a chuala Dia sin bhí fearg air: gur fadaíodh tine in Iácób, agus gur éirigh tromdhíbheirg in aghaidh Iosrael;
23De bhrí nár chreideadar i nDia: agus nár chuireadar a ndóchas ina chuidiú.
24Ní lúide dʼordaigh sé do na néalta in airde: agus dʼoscail sé doirse neimhe.
25Dʼfhear sé fós manna anuas orthu le hithe: agus thug sé bia ó neamh dóibh.
26Is amhlaidh dʼith an duine bia na n‑aingeal: óir chuir sé chucu a ndíol bia.
27Dhúisigh sé an ghaoth anoir faoi neamh: agus trína chumhachta thug sé isteach an ghaoth aniar aneas.
28Dʼfhear sé feoil orthu chomh tiubh leis an luaith: agus éin faoi chleite mar ghaineamh na farraige.
29Lig sé anuas i measc a bpailliún é: mórthimpeall a n‑áitreabh.
30Dʼitheadar agus bhí a ndóthain acu mar sin; ó thug sé ar shantaíodar dóibh: ní rabhadar gan a mian a fháil.
31Ach tháinig tromdhíbheirg Dé orthu agus an bia ina mbéal go fóill, gur mharaigh sé an mhéid ab acmhainní orthu: mharaigh go deimhin, agus chuir sé togha fear Iosrael ar lár.
32Ach i ndiaidh ar tharla ba mhóide a pheacaíodar: agus níor chreideadar dá oibreacha iontacha.
33Mar sin chaith sé a laethanta i ndíomhaointeas: agus a mblianta i mbuaireamh.
34Nuair a mharaigh sé iad, chuadar á iarraidh: dʼiompaíodar go luath, agus dʼfhiafraíodar faoi Dhia.
35Agus chuimhníodar gurbh é Dia a gcumhacht: agus gurbh é an Dia is Airde a bhfuascailteoir.
36Ina dhiaidh sin, ní rabhadar ach á mhealladh lena mbéal: agus ag cur cluana air lena dteanga.
37Óir níorbh é ar fad a bhí in aice lena gcroí: agus níor leanadar go buanseasmhach dá chonradh.
38Ach bhí sé chomh trócaireach agus gur mhaith sé a míghníomhartha dóibh: agus níor scrios sé iad.
39Is iomaí uair, go deimhin, a lig sé a fhearg thairis: agus nár lig sé dʼiomlán a dhíbheirge éirí.
40Óir smaoinigh sé nach raibh iontu ach feoil: agus nach rabhadar ach mar shéideán gaoithe a théann thairis, agus nach bhfilleann arís.
41Ba mhinic a chuireadar cathuithe air san fhásach: agus a chrádar é sa tír fhiáin.
42Thiontaíodar ar gcúl, agus chuireadar cathú ar Dhia: agus corraí ar an Té is Naofa in Iosrael.
43Níor chuimhníodar ar a láimh: ná ar an lá a dʼfhuascail sé iad as láimh an namhad;
44Mar a rinne sé a mhíorúiltí in Éigipt: agus a fhearta i machaire Shóáin.
45Rinne sé fuil dá n‑uiscí: ionas nárbh fhéidir leo ól as na haibhneacha.
46Chuir sé na cuileoga isteach ina measc, á n‑ithe suas: agus na loscainn a scriosfadh iad.
47Thug sé a dtoradh don phéist chapaill: agus a gcuraíocht don dreolán teaspaigh.
48Scrios sé a gcraobhacha fíniúna le clocha sneachta: agus a gcrainn mhaoildearga leis an sioc.
49Agus bhuail sé a n‑eallach le clocha sneachta: agus a gcaoirigh le caortha tine.
50Lig sé amach dásacht a fheirge ina mullach, díbheirg agus confadh agus buaireamh: agus chuir sé droch‑aingil isteach ina measc.
51Scaoil sé an srian lena dhíbheirg, agus níor lig sé lena n‑anam iad: ach scaoil sé a n‑anam leis an bplá.
52Agus bhuail sé gach céadghin clainne san Éigipt: an drong ab airde agus ab acmhainní i dtithe Cham.
53Ach i dtaobh a mhuintire féin de, sheol sé amach iad mar chaoirigh: agus thug sé tríd an bhfásach iad mar thréad.
54Thug sé amach slán iad, ionas nach raibh ábhar eagla acu: agus bháigh sé a naimhde faoin bhfarraige.
55Agus thug sé iad idir theorainn a shanctóra: go dtí an sliabh a cheannaigh sé lena láimh dheas.
56Chaith sé amach na págánaigh rompu: agus rinne sé an tír a roinnt eatarthu mar oidhreacht, agus thug sé ar threibheanna Iosrael cur fúthu ina bpubaill.
57Ach dá ainneoin sin chuireadar cathú agus míthaitneamh ar an Dia is Airde: agus níor choinníodar a fhianaisí;
58Ach thugadar a gcúl leis, agus thréigeadar é mar a rinne a sinsear: ag dul i leataobh mar bhogha briste.
59Óir chrádar é le haltóra ar chnoic: agus ghríosaíodar chun díbheirge é lena n‑íomhánna.
60Nuair a chuala Dia sin, bhí fearg air: agus ghlac sé mórdhíbheirg le hIosrael.
61Ionas gur thréig sé an tabarnacal i Síló: an puball a bhí curtha aige i measc na ndaoine.
62Scaoil sé a chumhacht chun broide: agus a ghlóir i láimh an namhad.
63Scaoil sé a phobal le béal an chlaímh: agus bhí fearg air lena oidhreacht.
64Dʼídigh an tine a bhfir óga: agus ní dearnadh cleamhnasa dá maighoeana.
65Maraíodh a sagairt leis an gclaíomh: agus ní raibh na baintreacha ann a chuirfeadh cluiche caointe.
66Ba ansin a dhúisigh an Tiarna mar dhúisíonn duine as a chodladh: agus mar fhathach a dtug an fíon croí dó.
67Thiomáin sé a naimhde ar gcúl: agus dʼfhág sé náire bhuan orthu.
68Dhiúltaigh sé do thabarnacal Iósaif: agus níor thogh sé treibh Ephráím;
69Ach thogh sé treibh Iúda: mar tá Sliabh Shíóin dá dtug sé a ghrá.
70Agus thóg sé ansin a theampall in airde: agus leag sé a bhun mar an talamh a bhunaigh sé go buan.
71Thogh sé Dáibhí a sheirbhíseach: agus thug sé é óna banracha.
72Ghlac sé é, agus é i ndiaidh na gcaorach trom uan: ionas go mbeathódh sé Iácób a phobal, agus Iosrael a oidhreacht.
73Dá bhrí sin bheathaigh sé iad le croí dílis fhíor: agus rialaigh sé go céillí iad le hiomlán a chumhacht.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 78: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965