Matha 3

3
1Ba sna laethanta Ășd a thĂĄinig Eoin Baiste, ag seanmĂłireacht i bhfĂĄsach IĂșdaea, 2“DĂ©anaigĂ­ aithrĂ­, mar tĂĄ rĂ­ocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.” 3Mar is Ă© sin an tĂ© ar labhair an fĂĄidh ÍsĂĄia air nuair a dĂșirt sĂ©,
“Glór duine ag glaoch ar an bhfásach:
UllmhaĂ­gĂ­ slĂ­ an Tiarna,
dírígí na cosáin roimhe.”
4Anois bhĂ­odh Ă©adach de rĂłn camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lĂłcaistĂ­ agus mil bheach fiĂĄin mar bhia aige. 5Ba ansin a chuaigh a raibh in IarĂșsailĂ©im agus ar fud IĂșdaea agus sa cheantar cois IornĂĄin go dtĂ­ Ă©, 6gur bhaist sĂ© in abhainn an IornĂĄin iad, agus iad ag admhĂĄil a bpeacaĂ­ os ard.
7Ach nuair a chonaic sĂ© cuid mhĂłr de na FairisĂ©igh agus de na SadĂșicĂ©igh ag teacht chuige le baiste a fhĂĄil, is Ă© a dĂșirt sĂ© leo, “A shliocht Ășd na nathracha! CĂ© a thug mar rabhadh daoibh Ă©alĂș Ăłn dĂ­bheirg atĂĄ le teacht? 8TugaigĂ­ an toradh is dual don aithrĂ­, 9agus nĂĄ bĂ­odh sĂ© de dhĂĄnacht agaibh a rĂĄ in bhur n‑intinn fĂ©in, ‘Is Ă© Abracham is athair dĂșinn’; mar tĂĄim ĂĄ insint daoibh, go bhfĂ©adann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhĂ©anamh dĂ­obh. 10Agus anois fĂ©in tĂĄ bĂ©al na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh ĂĄ ghearradh anuas agus ĂĄ chaitheamh isteach sa tine.
11“BĂ­mse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrĂ­, ach an tĂ© atĂĄ ag teacht i mo dhiaidh is mĂł Ă© nĂĄ mise, agus nĂ­ fiĂș mĂ© a chuarĂĄin a iompar; dĂ©anfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine. 12TĂĄ an dallĂĄn ina lĂĄimh aige, agus glanfaidh sĂ© a urlĂĄr buailte, agus cruinneoidh sĂ© a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sĂ© an chĂĄith i dtine nach mĂșchtar.”
13Ba Ă© sin an t‑am ar thĂĄinig Íosa Ăł GhalailĂ­ go hlornĂĄn chuig Eoin ionas go mbaistfeadh seisean Ă©. 14Rinne Eoin iarracht ar chĂșl a chur air, agus dĂșirt sĂ©, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnĂłtha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?” 15Ach is Ă© an freagra a thug Íosa air, “NĂĄ diĂșltaigh mĂ© anois; mar is mar sin is cĂłir dĂșinn a dhĂ©anamh leis an bhfĂ­rĂ©antacht a chur i gcrĂ­ch go hiomlĂĄn.” GhĂ©ill sĂ© dĂł ansin. 16Agus nuair a bhĂ­ Íosa baiste, chuaigh sĂ© suas as an uisce gan mhoill, agus bÊŒshiĂșd doirse na bhflaitheas ĂĄ n‑oscailt go bhfaca sĂ© Spiorad DĂ© ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air; 17agus bÊŒshiĂșd an glĂłr Ăł neamh, ĂĄ rĂĄ, “Is Ă© seo mo mhac ionĂșin; a bhfuil toil agam ann.”

Nu markerat:

Matha 3: OC1970

MĂ€rk

Dela

Kopiera

None

Vill du ha dina höjdpunkter sparade pÄ alla dina enheter? Registrera dig eller logga in