1
Uimhreacha 13:30
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimis seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.”
Yenzanisa
Ongorora {{vhesi}}
2
Uimhreacha 13:33
Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoiliní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”
3
Uimhreacha 13:31
Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”
4
Uimhreacha 13:32
Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann.
5
Uimhreacha 13:27
Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.
6
Uimhreacha 13:28
Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.
7
Uimhreacha 13:29
Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordáine.”
8
Uimhreacha 13:26
Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.